
Mar thomhaltóir AE, tá níos mó cearta agat ná mar a shíl tú. Cuireadh na cearta sin ar bun chun cosaint a sholáthar duit ar líne agus as líne, agus ar fud an AE. Faigh amach cad iad na cearta sin, agus conas is féidir leat iad a úsáid.
Má tá sé in am duit do chearta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú – cibé áit a bhfuil tú san AE – tá réitigh ar fáil, ar líne agus as líne araon, chun cabhrú leat. Bain úsáid as an treoirleabhar seo chun a fháil amach cad ba cheart duit a dhéanamh anois, agus chun eolas a fháil d’fhonn díospóidí a réiteach
Aon rud a cheannaítear ar líne, seol ar ais é laistigh de 14 lá – ní chuirfear aon cheist ort. Ach tá roinnt eisceachtaí ann.
Is maith le gach duine an ceart a bheith aige. Ní mór do chearta tomhaltóirí AE a bheith ar eolas agat, áfach, chun a bheith cinnte i gcás díospóidí tomhaltóirí. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo faoi do chearta tomhaltóirí, conas na cearta sin a úsáid agus na céimeanna atá le leanúint chun díospóid a réiteach. Idir an bhaincéireacht agus an fhógraíocht mhíthreorach, tháirgí lochtacha nó tháirgí neamhshábháilte, cinntítear le do chearta AE go mbíonn tú i do chustaiméir sona sásta sábháilte.