 |
LinguaGO
 |
| |
 |
Bí i do réalta agus aimsigh do bhearta sa lúbra teangacha. Ach seachain na damháin alla
|

|
Cur síos gearr:
Cuspóir an chluiche is ea teacht tríd an lúbra teangacha agus bearta a bhailiú. Chun dul tríd an lúbra, is gá ceisteanna a fhreagairt faoi theangacha Eorpacha. Téigh go tapa chun na damháin alla a sheachaint, mar is mian leo tú a ithe. Má theagmhaíd leat, cailleann tú saol. |
 |
Treoracha:
Bogtar an réalta leis na heochracha saighde ar an méarchlár. Nuair a bhuaileann tú focal sa lúbra, osclaíonn mír aníos a iarrann ort an teanga a aithint - i do theangasa. Freagair leis an luch nó na huimhir-eochracha. Má fhreagraíonn tú i gceart, éiríonn an balla trédhearcach is tig leat dul tríd. Ní thig leis an damhán alla dul trí na ballaí trédhearcacha. Má tá do fhreagra mícheart, éiríonn an balla liath is ní thig leatsa ná leis an damhán alla dul tríd. Ní bhíonn ort na ceisteanna a fhreagairt, tig leat leanúint ort ag bogadh freisin.
|
 |
Ach beidh damhán alla ar do thóir. Má theagmhaíonn sé leat, caillfidh tú saol is cuirfear ar ais thú go barr an lúbra ar chlé. Má chailleann tú do shaolta go léir, ní mór duit cluiche nua a thosú. Bailigh na bearta tríd an réalta a bhogadh tharstu. Agus na bearta uile bailithe agat, bogfaidh tú suas chuig an chéad leibhéal eile sa chluiche. Gheobhair pointe amháin as gach beart a bhailíonn tú. |
 |
Uaireanta tiocfaidh croí i measc na mbeart. Gheobhair saol breise ach é a bhailiú. Má éiríonn leat an leibhéal a chríochnú sula n-ídeofar an t-am bónais, déanfar pointí de na meandair a bheidh fágtha.
|
 |
Tá an-chuid leibhéal, gach ceann níos deacra ná an ceann roimhe. Dá airde an leibhéal, is amhlaidh is lia na damháin alla. Fairis sin, beidh ort an cluiche a imirt i dteangacha seachas do cheann féin, de réir mar a bheir ag dul chun cinn.
|
|
|