An spás spraoi-fhoghlama - An spás teagaisc agus líonraithe
Más dalta bunscoile nó meánscoile tú, tiocfaidh tú ar chluichí, comórtais agus leabhair ghníomhaíochta anseo chun cabhrú leat eolas a chur ar an Aontas ar bhealach spraíúil sa seomra ranga nó sa bhaile. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim freisin faoi staidéar nó obair dheonach a dhéanamh i dtír eile.
Más múinteoir tú agus más mian leat cabhrú le do dhaltaí eolas a chur ar an Aontas Eorpach agus ar an mbealach a fheidhmíonn sé, is foinse ábhar teagaisc é seo do gach aoisghrúpa. Chomh maith le hinspioráid a fháil do phleananna ceachta, is féidir leat freisin deiseanna líonraithe a aimsiú le scoileanna agus múinteoirí eile ar fud an Aontais.
What's new
An gceapann tú gur féidir le fuinneamh inbhuanaithe cur le todhchaí níos fearr dár bpláinéad? An bhfuil aon scannánóirí cumasacha i do rang? Más rud é go bhfuil, léirigh do chuid cruthaitheachta agus taispeáin don domhan conas fuinneamh a shábháil.
Ná caill an deis páirt a ghlacadh sa chomórtas físeán seo do mhic léinn san Aontas atá idir 12 agus 15 bliana d’aois ó mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh.
Is féidir iarratais a chur isteach ón 1 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 15 Feabhra 2022
Ár leithscéal, ach níl an t-ábhar sin ar fáil i nGaeilge.
Na hábhair is mó tóir
Investing in the potential of young people is an investment in our society. What gives us hope is that we are not alone in addressing their challenges; we must continue and widen our efforts.
Roinnt acmhainní den scoth anseo - bhain mé an-úsáid as. Agus bhain na leanaí sult as an ábhar a úsáid freisin!
D’úsáid mé an suíomh gréasáin chun tuilleadh a fhoghlaim faoi stair an Aontais Eorpaigh agus na tíortha atá ina chuid de.