investEU
Comhroinn

Ailléirgí á scrúdú ag Macro Array Diagnostics

Modh tástála nua le haghaidh ailléirgí á fhorbairt ag gnólacht nuathionscanta atá bunaithe in Vín

Maidir leis an tionscadal seo

Déanann an ghnólacht nuathionscanta as Vín, Macro Array Diagnostics, modhanna réabhlóideacha a fhorbairt le haghaidh diagnóis ailléirge:  Tá an ‘scrúdaitheoir Ailléirgí’ (ALEX) ar an gcéad tástáil ar domhan lenar féidir leis tástáil chun suas le 300 ailléirginí a aimsiú go tapa, go hiontaofa agus go comhuaineach. Is leor aon deoir amháin plasma fola nó séirim chun a bheith in ann anailís chuimsitheach a dhéanamh. Faigheann an ghnólacht maoiniú ón Aontas Eorpach.

Allergies: a growing public health problem

The World Health Organisation considers allergies to be among the most serious health problems of the 21st century. This is backed up by statistical evidence from Austria, where a growing number of people suffer from allergies. Whereas in 2012 only 1 in 4 Austrians was affected, by 2017 this had risen to 37% of the population, and the trend continues.

“Our ongoing goal is to help all those suffering from allergies,” says Christian Harwanegg, CEO and founder of Viennese allergy diagnostic developer Macro Array Diagnostics. “Conventional diagnostic tests are expensive and often unpleasant for the patient because several diagnostic steps are necessary. With our faster and more effective test method, we want to change this. And we will further develop our technology so that even more people can benefit from it.”

An dóigh a gcuireann diagnóisic ailléirgí feabhas ar chaighdeán beatha daoine a bhfuil ailléirge orthu

Tá tástáil ailléirgí ilpharaiméadair forbartha ag Macro Array Diagnostics a chuimsíonn gar do 100% de na sprioc-ailléirginí is coitianta trí aon tástáil saotharlainne amháin. Le gnáth-thástálacha ailléirgí ní féidir ach líon teoranta substaintí ailléirgineacha a scrúdú go comhuaineach. 

An modh nua tástála seo, tugann sé faisnéis chuimsitheach d’othair a bhfuil ailléirge orthu faoina stádas íogrúcháin agus, i dtaca le lia-chleachtóirí a úsáideann ALEX, táthar in ann tús a chur le teiripí agus moltaí a dhéanamh níos luaithe agus ar shlí níos spriocdhírithe.   

Ba é Macro Array Diagnostics GmbH an t-aon ghnólacht eolaíochta beatha as an Ostair ar éirigh léi painéal roghnúcháin ardphróifíle “Ionstraim na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí le haghaidh FBManna - Céim 2” a thabhairt leo, is é sin Fís 2020, Clár Maoinithe de chuid an Aontais Eorpaigh. Úsáidfear na hacmhainní breise chun géarú ar an obair is gá a dhéanamh chun an teicneolaíocht dhiagnóiseach réabhlóideach a fhorbairt tuilleadh.

Tuilleadh fostaíochta a chruthú le maoiniú ón Aontas

“Is mór againn gur thoiligh an tAontas Eorpach an maoiniú seo a bhronnadh ar an modh diagnóise uathúil seo againn agus ar an bhfoireann ardspreagtha atá againn. Le tacaíocht an Aontais Eorpaigh, cuirfear breis dlúis le forbairt na teicneolaíochta. A bhuí leis sin, beifear in ann díriú ar chatagóirí nua custaiméirí  ar dhóigh níos tapúla agus cruthófar poist nua,” arsa  Christian Harwanegg, príomhfheidhmeannach agus bunaitheoir an ghnólachta, agus ríméad air.

Trí Fís 2020, chlár de chuid an Aontais Eorpaigh, tá beagnach €75 bhilliún á thabhairt do thaighde agus nuálaíocht ar fud na hEorpa idir 2014 agus 2020. Ar phríomhchuspóirí an chláir sin tá caighdeán den chéad scoth sa taighde a ghnóthú, taighde agus lonnaíochtaí gnó iomaíocha, tuilleadh táirgí agus seirbhísí nuálaíocha agus creat rialála simplithe.

Fíricí agus figiúirí
  • In 2016 a bunaíodh é
  • 15 duine fostaithe ann faoi láthair
  • Is in Vín a dhéantar taighde agus forbairt
  • I mí Mhéan Fómhair 2017 a cuireadh ar an margadh é
  • Maoiniú €2.5 milliún ón Aontas Eorpach tugtha chun forbairt bhreise a dhéanamh ar theicneolaíocht réabhlóideach le haghaidh diagnóisiú ailléirgí
Comhordaitheoir:
Christian Harwanegg
Maoiniú ón AE:
EUR 2 500 000
Comhpháirtithe:
N/A
Suíomh:
An Ostair, Vín
Tráthchlár:
2018 - 2020
ECAS Login