investEU
Comhroinn

An craiceann mar inspioráid

Cosmaidí a bhfuil tairbhe deirmeolaíochta ag roinnt leo á gcruthú ag Skinspiration

Maidir leis an tionscadal seo

Is in 2014 a bunaíodh Skinspiration agus tá ceannáras aige in Funchal, Maidéara. Déanann sé obair chliniciúil i gcomhar le dámh cógaseolaíochta Ollscoil Liospóin chun líne de tháirgí deirmeolaíochta a fhorbairt. Cuireann an gnólacht na cosmaidí sin ar an margadh sa Phortaingéil agus anois is mian leis margaí nua a aimsiú thar lear.

Cosmaidí nuálacha a dhéantar le comhábhair thraidisiúnta

Bunaithe ar chomhaontú le dámh cógaseolaíochta Ollscoil Liospóin agus le tacaíocht ón Aontas Eorpach, chruthaigh Skinspiration an choincheap TNEC (Traditional New Era Cosmetics) atá aige. D'fhág sin go raibh sé in ann an leas is mó is féidir a bhaint as amhábhair thraidisiúnta trí theicneolaíocht nuálach a úsáid.

Chabhraigh maoiniú ón Aontas Eorpach freisin chun trialacha cliniciúla, céadfacha agus sábháilteachta a dhéanamh chun teacht ar an mbunfhoirmle a úsáidtear anois chun raon táirgí ar leith a tháirgeadh. Skinsecret an t-ainm a baisteadh ar an raon sin, agus tá uachtar aghaidhe, coirp agus láimhe i measc na dtáirgí a dhéantar. Is bainne ó phór asal Portaingéalach an comhábhar speisialta a úsáidtear ann.

Tá an gnólacht gníomhach ní amháin i margadh na Portaingéile, ach i margadh na Ríochta Aontais agus i margadh SAM. Tá sé mar aidhm aige anois dul isteach i margaí nua, mar shampla margadh na Rúise.

Fíricí agus figiúirí
  • Gníomhach sa Phortaingéil, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe
  • Comhpháirtíocht straitéiseach ar bun le dámh cógaseolaíochta Ollscoil Liospóin
  • Raon táirgí atá bunaithe ar bhainne ó phór asal Portaingéalach, ar mhoringa agus ar phomagránait
Comhordaitheoir:
Pedro Boavida (comhpháirtí agus bunaitheoir)
Comhpháirtithe:
Dámh Cógaseolaíochta Ollscoil Liospóin (FFUL)
Suíomh:
An Phortaingéil, Funchal, Maidéara
Tráthchlár:
2013 - 2014
ECAS Login