- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Is ionann infheistiú sa taighde agus sa nuálaíocht agus infheistiú i dtodhchaí na hEorpa. Cuidíonn sé linn agus sinn in iomaíocht ar an leibhéal domhanda agus cuidíonn sé linn freisin ár samhail shóisialta féin a chaomhnú. Cuireann sé feabhas ar shaol laethúil na milliún daoine anseo san Eoraip agus ar fud an domhain, agus cuidíonn sé le réiteach a fháil ar na dúshláin is mó atá romhainn mar shochaí.
An tacaíocht ón Aontas Eorpach don taighde agus don nuálaíocht, tugann sí breis luacha trí spreagadh a thabhairt don chomhar – thar theorainneacha tíortha agus idir dhisciplíní éagsúla – i measc foirne taighde, comhar atá fíorthábhachtach d’fhonn mórfhionnachtana a dhéanamh.
Trí bhíthin na gclár réime um thaighde agus um nuálaíocht, cláir ilbhliantúla, cuireann an tAontas Eorpach maoiniú ar fáil chun:
Déantar gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Aontais a bhainistiú trí bhíthin ranna, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí áirithe, agus déantar torthaí, eolas agus sonraí a roinnt trí bhíthin na meán seo a leanas:
Tugann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde rochtain oscailte do thaighdeoirí ar fud an Aontais ar a n-acmhainní.
Níl seo ar fáil i do theanga.
Tá go leor saotharlann den chéad scoth faoi stiúir an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, saotharlanna ina ndéantar taighde chun tairbhe shaoránaigh an Aontais.
Níl seo ar fáil i do theanga.