- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Is tríd an mbeartas réigiúnach a dhéanann an tAontas Eorpach infheistíocht ar bhonn áitiúil. Tá an beartas sin dírithe ar gach réigiún agus gach cathair san Aontas agus tá bearta ann chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoin bhfostaíocht agus chun caighdeán saoil a fheabhsú tríd an infheistíocht straitéiseach. A bhuí leis an dlúthpháirtíocht ghníomhach sin ón Aontas, is féidir le daoine i réigiúin bheagfhorbartha tairbhe a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as an margadh is mó ar domhan.
Tá beartas réigiúnach an Aontais ceaptha difríocht a dhéanamh sna cúig phríomhréimse seo a leanas:
Is ar leibhéal an Aontais a shocraítear an beartas foriomlán ach is é an Coimisiún Eorpach, ag oibriú dó i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, atá freagrach as bainistiú na gcistí ó lá go lá.
Le mórthionscadail, cuirtear borradh faoin ngeilleagar, cosnaítear an comhshaol agus cuirtear feabhas ar cháilíocht saoil chomh maith le leas sóisialta na saoránach.
Níl seo ar fáil i do theanga.
Cur i láthair dinimiciúil ar thorthaí Eorabharaiméadair Flash maidir le feasacht agus dearcthaí na saoránach ar bheartas réigiúnach an Aontais.
Níl seo ar fáil i do theanga.