- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
I dtaca le beartais agus gníomhaíochtaí a bhaineann le cearta an duine, tá dhá phríomhchineál ann san Aontas Eorpach. Ar chineál amháin acu sin tá cearta bunúsacha an duine a chosaint ar son shaoránaigh an Aontais, agus is le cur chun cinn chearta an duine ar fud an domhain a bhaineann an cineál eile.
Ráthaítear cearta shaoránaigh an Aontais i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos sa Chairt na cearta bunúsacha atá de cheangal dlí ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Tá feidhm ag an gCairt, freisin, maidir leis na rialtais náisiúnta agus iad ag cur an dlí Eorpaigh i bhfeidhm.
Tá an tAontas Eorpach tiomanta go láidir do chur chun cinn agus do chosaint an daonlathais, an smachta reachta agus chearta an duine ar fud an domhain. Tá cearta an duine ina ngné lárnach den chaidreamh atá ag an Aontas Eorpach le tíortha agus réigiúin eile.
Cuimsíonn beartas an Aontais Eorpaigh na nithe seo a leanas: