Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Beartas eachtrach agus slándála

Beartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh

Is ar an taidhleoireacht agus ar an urraim do rialacha idirnáisiúnta atá comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh bunaithe, agus is comhbheartas é atá dírithe ar choinbhleachtaí a réiteach agus ar an gcomhthuiscint idirnáisiúnta a chothú. An trádáil, an chabhair dhaonnúil agus an comhar um fhorbairt, tá siad sin uile ina gcuid thábhachtach de ról idirnáisiúnta an Aontais.

Trí bhíthin bheartas eachtrach agus slándála an Aontais, féachtar leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

Bíonn an tAontas i mbun comhpháirtíochta seasta leis na príomhghníomhaithe domhanda, lena n-áirítear cumhachtaí agus grúpaí réigiúnacha atá ag teacht chun cinn. Bíonn sé de shíor ag iarraidh a chinntiú go dtugann na caidrimh seo aird ar an leas frithpháirteach agus ar bhuntáistí frithpháirteacha.

Níl aon arm seasta ag an Aontas agus dá réir sin bíonn sé ag brath ó thráth go chéile ar na fórsaí a chuireann tíortha an Aontais faoina réir. Is féidir leis an Aontas misin a chur go dtí na hionaid chorraíle ar domhan; is ag déanamh faireacháin agus ag cosaint an smachta oird agus reachta a bhíonn na misin sin, nó ag glacadh páirt in iarrachtaí síochánaíochta nó ag soláthar cabhair dhaonnúil do phobail atá ina ghá sin.

Gníomhaíonn an tSeirbhís Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) mar sheirbhís taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh. Déantar luachanna agus leasanna an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint trí bhíthin líonra domhanda ina bhfuil breis agus 140 toscaireacht nó oifig.

I dtaca leis an mbeartas eachtrach, is í an Chomhairle Eorpach an comhlacht cinnteoireachta is airde san Aontas Eorpach; is de chinn stáit agus rialtais thíortha an Aontais atá an Chomhairle déanta. Teastaíonn comhaontú thíortha uile an Aontais i gcás fhormhór na gcinntí beartais eachtraigh agus slándála.