- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Tacaíonn an tAontas Eorpach le hiarrachtaí na mBallstát an caighdeán is airde oideachais agus oiliúna a chur ar fáil dá saoránaigh. Cuireann sé an t-ilteangachas chun cinn san Eoraip freisin, trí chabhrú le teagasc agus foghlaim teangacha, trí shoghluaisteacht mac léinn, oiliúnaithe, múinteoirí agus daoine óga a spreagadh, agus trí mhalartú faisnéise agus taithí a éascú.
Tá an creat á chur ar fáil ag an Aontas do thíortha an Aontais chun dea-chleachtais a chomhroinnt agus chun foghlaim óna chéile, agus é mar aidhm aige:
Chun na spriocanna atá leagtha amach sa chreat oideachais agus oiliúna a bhaint amach, cuireann an tAontas beartais i bhfeidhm in earnálacha éagsúla, cuir i gcás:
I réimse na hóige, tá creat á leagan amach ag an Aontas le haghaidh comhar idir na Ballstáit trí Straitéis AE i leith na hÓige.
Tríd an gclár Erasmus+, cuireann an tAontas Eorpach maoiniú, uirlisí agus acmhainní ar fáil freisin do dhaoine aonair, d’eagraíochtaí agus le haghaidh athchóiriú beartas, i réimsí éagsúla, cuir i gcás:
Cruthaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deiseanna do dhaoine óga obair a dhéanamh, nó obair dheonach a dhéanamh, i dtionscadail ina dtír féin nó i dtíortha eile, tionscadail a théann chun tairbhe do phobail agus do dhaoine ar fud na hEorpa.
Foghlaim faoi na deiseanna go léir atá ann chun staidéar a dhéanamh san Eoraip.
Níl seo ar fáil i do theanga.
San fhíseán seo, tugtar treoir céim ar chéim duit i dtaca leis an mbealach tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ón bpróiseas roghnúcháin go deireadh do shocrúcháin.
Níl seo ar fáil i do theanga.