- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Le chéile, is iad institiúidí agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh an deontóir is mó ar domhan de chúnaimh agus comhar forbartha. Beartaíonn an tAontas Eorpach reachtaíocht agus beartais chun dea-rialachas agus forbairt dhaonnúil agus eacnamaíoch a chur chun cinn, cuir i gcás an t-ocras a chomhrac agus acmhainní nádúrtha a chaomhnú.
Chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, oibríonn institiúidí an Aontais le chéile agus cuireann maoiniú ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an gcúig ghné seo a leanas den fhorbairt inbhuanaithe:
Oibríonn an tAontas i gcomhar le 150 tír comhpháirtíochta san Afraic, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, san Áis agus san Aigéan Ciúin, agus sa tsochaí shibhialta agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Anuas ar chúnamh airgeadais a chur ar fáil agus idirphlé a dhéanamh le tíortha comhpháirtíochta, déanann an tAontas taighde agus meastóireachtaí chun a chinntiú go n-úsáidtear an cúnamh go héifeachtach.