Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Aontas custaim an Aontais Eorpaigh agus é i mbun gníomhaíochta

Bunaíodh Aontas Custaim AE i 1968, agus is fusa do chuideachtaí an Aontais trádáil a dhéanamh le chéile dá bharr, déanann sé dleachtanna custaim ar earraí ó áiteanna lasmuigh den Aontas a chomhchuibhiú, agus is cúnamh atá ann le saoránaigh, ainmhithe agus comhshaol na hEorpa a chosaint.

I dtéarmaí praiticiúla, ciallaíonn An tAontas Custaim go mbíonn [node:eu_countries] mBallstát an Aontais ag obair le chéile amhail is dá mba aon rud amháin iad. Is iad na taraifí céanna a chuireann siad i bhfeidhm ar earraí a iompórtáiltear chun a gcríocha féin isteach ón gcuid eile den domhan, agus ní chuireann siad taraif ar bith i bhfeidhm go hinmheánach.

I gcás an Aontais Eorpaigh de, ciallaíonn sin nach bhfuil dleachtanna custaim le híoc nuair a iompraítear earraí ó thír amháin in AE go tír eile. Na dleachtanna custaim ar earraí a iompórtáiltear chun an Aontais Eorpaigh isteach, is ionann luach dóibh agus tuairim is 14% de bhuiséad iomlán an Aontais Eorpaigh mar chuid dá chuid ‘acmhainní traidisiúnta féin’.

Na rialuithe custaim a dhéantar ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh, cosnaíonn siad na tomhaltóirí ar earraí agus táirgí a dtarlódh dóibh a bheith contúirteach, nó a dtarlódh aimhleas a sláinte iontu. Cosnaíonn siad ainmhithe agus an comhshaol trí thrádáil mhídhleathach speiceas faoi bhagairt a chomhrac, agus trí chosc a chur ar ghalair plandaí agus ainmhithe.

Bíonn na húdaráis chustaim ag obair i gcomhar le lucht seirbhísí beartas agus inimirce sa chomhrac i gcoinne na coireachta agus na sceimhlitheoireachta. Bíonn siad ag comhrac gáinneáil ar dhaoine, ar dhrugaí, ar airm, agus ar earraí góchumtha, agus fíoraíonn siad nach ag sciúradh airgid a bhíonn taistealaithe ag a bhfuil suimeanna móra airgid, nach ag seachaint cánach atá siad, nó ag maoiniú eagraíochta coiriúla fiú.

Téann lucht custaim an Aontais i ngleic leis an gcalaois cánach agus dleachtanna a dhéanann gnólachtaí nó daoine aonair, rud a shéanann ioncam riachtanach ar rialtais náisiúnta i gcomhair a gcuid caiteachais phoiblí.