Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Oidhreacht agus éagsúlacht chultúrtha na hEorpa a cheiliúradh

Oibríonn an tAontas Eorpach chun an oidhreacht chultúrtha ina bhfuil dúchas ag muintir na hEorpa uile a chaomhnú agus chun na healaíona agus na tionscail chruthaitheacha san Eoraip a chothú agus a chur chun cinn. Tá tionscnaimh speisialta ann, Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha cuir i gcás, a fhéachann leis an gcultúr beo ilghnéitheach sin a chur ar fáil do chách.

Tá baint ag cúrsaí cultúir lena lán réimsí beartais de chuid an Aontais, an t-oideachas, an taighde, an beartas sóisialta, an fhorbairt réigiúnach agus an caidreamh seachtrach mar shampla. Sa saol idirghníomhach domhandaithe seo ina mairimid, tá cruthú agus cothú an chultúir nasctha go dlúth leis na meáin agus leis na teicneolaíochtaí digiteacha. Déanann an tAontas an comhoibriú ar bheartas cultúir idir rialtais náisiúnta, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, a chur chun cinn.

Leis an tionscnamh Eoraip na Cruthaitheachta, tacaíonn an tAontas leis an gcineama, le healaíona agus le tionscail chruthaitheacha na hEorpa chun poist agus fás a chothú san Eoraip, agus chun deiseanna nua, margaí nua agus lucht féachana nua a chur ar fáil.

Gach bliain, roghnaítear dhá chathair san Eoraip le bheith ina bpríomhchathracha cultúir don Eoraip: cuireann sin borradh faoin ngeilleagar áitiúil, agus cuirtear ealaíontóirí áitiúla agus sainsaibhreas cultúrtha na cathrach féin i lár an aonaigh.

Oibríonn an tAontas i gcomhar le féilte scannán, le taispeántais chultúrtha, le ceolchoirmeacha, le comhdhálacha agus le gradaim ealaíne san Eoraip trí chéile ó cheann ceann na bliana.