Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Cleachtais iomaíochta córa a chosaint agus a chothú

Ceapadh rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh chun dálaí córa cothroma a chinntiú do ghnólachtaí, ach deis a bheith ann i gcónaí nuálaíocht a dhéanamh, caighdeáin chomhaontaithe a leagan síos, agus gnólachtaí beaga a fhorbairt.

Déanann an Coimisiún Eorpach monatóireacht agus iniúchadh ar chleachtais frith-iomaíochta, ar chumaisc agus ar státchabhair d’fhonn cothrom iomaíochta a chinntiú do ghnólachtaí an Aontais agus, san am céanna, rogha agus praghsáil chothrom a ráthú do thomhaltóirí.

Níl cead ag gnólachtaí móra leas a bhaint as an acmhainn margála atá acu chun coinníollacha a leagan síos a d’fhágfadh go mbeadh sé ní ba dheacra dá soláthraithe nó dá gcustaiméirí gnó a dhéanamh lena n-iomaitheoirí. Má théann cuideachtaí i mbun an chleachtais sin is féidir leis an gCoimisiún fíneáil a ghearradh orthu mar fágann cleachtais dá sórt gurb airde na praghsanna a íocann tomhaltóirí agus gur lú an rogha atá acu.

Tá cumhachtaí ag an gCoimisiún imscrúduithe a dhéanamh agus stop a chur le sáruithe rialacha iomaíochta an Aontais. Tá na cumhachtaí sin faoi réir córas inmheánach srianta agus ceartúchán, agus athbhreithniú breithiúnach iomlán na gCúirteanna Eorpacha.

Ina theannta sin, tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sa chomhar idirnáisiúnta maidir le dea-chleachtas a chur chun cinn agus a mholadh i réimse na hiomaíochta. Tá an tAontas ina bhall bunaidh den Líonra Idirnáisiúnta um Iomaíocht, agus téann sé i gcomhar le comhlachtaí idirnáisiúnta agus náisiúnta chun sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar an iomaíocht a mheas.