- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Má bhaineann timpiste duit agus tú i mBallstát eile den Aontas Eorpach, ní ceart go gcosnódh sé do dhá shúil ort feasta, ach b'fhéidir go gcuirfeadh sé iarracht de thinneas cinn ort.
Níl seo ar fáil i do theanga
Cárta saor in aisce is ea an Cárta Eorpach um Sláinte Árachais a chuireann rochtain ar chúram sláinte ar fáil duit le linn tréimhse shealadach i gceann ar bith de Bhallstáit an Aontais, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis, faoi na coinníollacha céanna agus ar an bpraghas céanna is atá ann do náisiúnaigh na tíre sin.
Cuireann vacsaíní cosaint ar fáil dúinn ó ghalair. I ngeall ar bhréagaisnéis fhorleathan áfach, is iomaí tuismitheoir anois atá amhrasach faoi bhuntáistí vacsaíní. Faigh amach faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag cothú muinín an phobail in athuair agus ag déanamh deimhin de go bhfuil vacsaíní sábháilte agus ar fáil ar fud na hEorpa.