an tAontas Eorpach

Conarthaí an Aontais

Is ar an smacht reachta atá an tAontas Eorpach bunaithe. Fágann sin go bhfuil gach beart a ghlacann an tAontas bunaithe ar chonarthaí a d'fhaomh gach ceann de na Ballstáit san Aontas go deonach agus go daonlathach. Mar shampla, ní féidir leis an gCoimisiún dlí a mholadh i réimse beartais ar leith mura luaitear an réimse sin i gconradh.

Is comhaontú ceangailteach idir Ballstáit an Aontais é conradh. Leagtar cuspóirí an Aontais amach ann agus, chomh maith leis sin, leagtar amach rialacha i gcomhair institiúidí an Aontais, an tslí a ndéantar cinntí agus an caidreamh idir an tAontas agus na Ballstáit.

Leasaítear conarthaí le cur le héifeachtúlacht agus trédhearcacht an Aontais, leis an mbealach a réiteach do Bhallstáit nua agus chun réimsí nua comhair, amhail an t-airgeadra aonair, a thabhairt isteach.

Is féidir le hinstitiúidí an Aontais reachtaíocht a ghlacadh faoi na conarthaí agus is iad na Ballstáit a dhéanann í a chur chun feidhme ina dhiaidh sin. Is féidir téacsanna iomlána na gconarthaí, na reachtaíochta, an chásdlí agus na dtograí reachtacha a léamh ach bunachar sonraí dhlí an Aontais Eorpaigh a úsáid.

Seo a leanas na príomhchonarthaí:

Conradh Liospóin

Arna shíniú: an 13 Nollaig 2007
Arna theacht i bhfeidhm: an 1 Nollaig 2009

An cuspóir: cur lena dhaonlathaí agus lena éifeachtúla atá an tAontas, a chinntiú gur fearr is féidir aghaidh a thabhairt d’aon ghuth ar fhadhbanna domhanda cosúil leis an athrú aeráide.

Na príomhathruithe: breis cumhachtaí do Pharlaimint na hEorpa, athrú ar na nósanna imeachta vótála sa Chomhairle, tionscnamh ó na saoránaigh, uachtarán buan ar an gComhairle Eorpach, Ardionadaí nua do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, seirbhís taidhleoireachta nua de chuid an Aontais.

I gConradh Liospóin, tugtar soiléiriú ar na cumhachtaí:
- atá ag an Aontas
- atá ag Ballstáit an Aontais
- a roinntear.

Is i gConradh Liospóin agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a leagtar amach spriocanna agus luachanna an Aontais.

Téacs iomlán Chonradh Liospóin

Síníodh an Conradh ag bunú bunreachta don Eoraip (2004) ach níor daingníodh riamh é. Bhí aidhmeanna an chonartha cosúil le haidhmeanna Chonradh Liospóin.

Conradh Nice

Arna shíniú: an 26 Feabhra 2001
Arna theacht i bhfeidhm: an 1 Feabhra 2003

An cuspóir: na hinstitiúidí a athchóiriú ionas go bhféadfadh an tAontas feidhmiú go héifeachtúil agus 25 Bhallstát ann.

Na príomhathruithe: modhanna chun comhdhéanamh an Choimisiúin a athrú agus an córas vótála a athshainiú sa Chomhairle.

Téacs iomlán Chonradh Nice

Conradh Amstardam

Arna shíniú: an 2 Deireadh Fómhair 1997
Arna theacht i bhfeidhm: an 1 Bealtaine 1999

An cuspóir: Institiúidí an Aontais a athchóiriú chun an bealach a réiteach do Bhallstáit nua.

Na príomhathruithe: conarthaí an Aontais Eorpaigh agus conarthaí Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a leasú, a athuimhriú agus a chomhdhlúthú. Cinnteoireacht níos trédhearcaí (méadú ar an úsáid a bhaintear as an ngnáthnós imeachta reachtach).

Téacs iomlán Chonradh Amstardam

An Conradh ar an Aontas Eorpach – Conradh Maastricht (1992)

Arna shíniú: an 7 Feabhra 1992
Arna theacht i bhfeidhm: an 1 Samhain 1993

An cuspóir: ullmhú don aontas airgeadaíochta Eorpach agus gnéithe d’aontas polaitiúil a thabhairt isteach (saoránacht, comhbheartas eachtrach agus gnóthaí inmheánacha).

Na príomhathruithe: an tAontas Eorpach a bhunú agus nós imeachta na comhchinnteoireachta a thabhairt isteach, rud a mhéadaíonn tionchar na Parlaiminte ar an gcinnteoireacht. Bealaí nua comhair idir an tAontas agus rialtais an Aontais – mar shampla, ó thaobh cúrsaí cosanta, ceartais agus gnóthaí baile de.

Téacs iomlán Chonradh Maastricht

An Ionstraim Eorpach Aonair

Arna shíniú: an 17 Feabhra 1986 (Lucsamburg) / an 28 Feabhra 1986 (An Háig)

Arna theacht i bhfeidhm: an 1 Iúil 1987

An cuspóir: na hinstitiúidí a athchóiriú le hullmhú do bhallraíocht na Portaingéile agus na Spáinne agus dlús a chur leis an bpróiseas cinnteoireachta le hullmhú don mhargadh aonair.

Na príomhathruithe: vótáil trí thromlach cáilithe a leathnú sa Chomhairle (ionas nach aon ribín réidh d’aon tír amháin é reachtaíocht mholta a chrosadh), na nósanna imeachta comhair agus aontaithe a chruthú, rud a mhéadaíonn tionchar na Parlaiminte.

Téacs iomlán na hIonstraime Eorpaí Aonair

An Conradh Cumaisc - Conradh na Bruiséile

Arna shíniú: an 8 Aibreán 1965
Arna theacht i bhfeidhm: an 1 Iúil 1967

An cuspóir: na hinstitiúidí Eorpacha a chuíchóiriú.

Na príomhathruithe: Coimisiún aonair agus Comhairle aonair a chruthú chun freastal ar na trí Chomhphobal Eorpacha a bhí ann an tráth sin (Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, Euratom, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach). Arna aisghairm le Conradh Amstardam.

Téacs iomlán an Chonartha Cumaisc

Conarthaí na Róimhe: Conarthaí Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus conarthaí EURATOM

Arna shíniú: an 25 Márta 1957
Arna theacht i bhfeidhm: an 1 Eanáir 1958

An cuspóir: Comhphobal Eacnamaíoch na hEorpa (CEE) agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) a chur ar bun.

Na príomhathruithe: lánpháirtíocht na hEorpa a leathnú chun comhar eacnamaíoch ginearálta a chur san áireamh.

Téacs iomlán an Chonartha ag bunú an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Téacs iomlán an Chonartha ag bunú an Chonartha Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach

Arna shíniú: an 18 Aibreán 1951

Arna theacht i bhfeidhm: an 23 Iúil 1952

Arna dhul in éag: an 23 Iúil 2002

An cuspóir: idirthuilleamaíocht an ghuail agus an chruach a chinntiú ionas nach bhféadfadh aon tír a cuid fórsaí armtha a shlógadh i ngan fhios do thíortha eile. Chabhraigh sin chun an mhímhuinín agus an teannas a bhí ann tar éis an Dara Cogadh Domhanda a mhaolú. Chuaigh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach in éag in 2002.

Téacs iomlán an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach


De réir mar a tháinig méadú ar líon na dtíortha san Aontas, leasaíodh na conarthaí bunaidh:

  • 1973 (an Danmhairg, Éire, an Ríocht Aontaithe)
  • 1981 (an Ghréig)
  • 1986 (an Spáinn, an Phortaingéil)
  • 1995 (an Ostair, an Fhionlainn, an tSualainn)
  • 2004 (Poblacht na Seice, an Chipir, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic, an tSlóivéin)
  • 2007 (an Bhulgáir, an Rómáin)
  • 2013 (an Chróit).
Íoslódálacha: 
Back to top