- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
An mian leat bheith páirteach i gceapadh bheartais na hEorpa? Tá roinnt rudaí is féidir leat a dhéanamh:
Ar chóir don Aontas reachtaíocht a rith maidir le ceist is cás leatsa? D'fhéadfá tús a chur le Tionscnamh ó na Saoránaigh ina n-iarrfaí ar an gCoimisiún gníomh dlí a mholadh. Ní mór a léiriú go mbeadh tacaíocht fhorleathan ag do thionscnamh. Chuige sin, caithfidh milliún saoránach den Aontas, ó aon cheathrú den na Ballstáit ar a laghad (sin 7 as 27), é a shíniú.
Tá athbhreithniú á dhéanamh i láthair na huaire ar an Rialachán maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh — tuilleadh eolais.
Féadann saoránaigh den Aontas agus daoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas achainí a dhéanamh ar an bParlaimint i dtaca le ceisteanna a bhaineann le beartais de chuid an Aontais a bhfuil tionchar díreach acu orthu. Is féidir le cuideachtaí agus eagraíochtaí eile a bhfuil a gceannáras san Aontas achainí a dhéanamh ar an bParlaimint freisin.
De thoradh chlár oibre an Choimisiún maidir le rialáil níos fearr tá tuilleadh deiseanna ann le bheith páirteach sa cheapadh beartais ar leibhéal an Aontais. Cloisimis uait:
An féidir dlí de chuid an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí? Cuir do mholadh isteach trí Rómhaorlathas a laghdú.
Reáchtáltar na Comhphléite leis na Saoránaigh i gcathracha ar fud an Aontais. Deis iad chun na ceisteanna is cás leat a phlé le hionadaithe Pharlaimint na hEorpa, an Choimisiúin agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais.
Tá comhairliúchán ar líne speisialta ar bun freisin. Trí pháirt a ghlacadh ann beidh tú ag cuidiú todhchaí na hEorpa a mhúnlú.
Is féidir leat:
An ionadaí eagraíochta thú nó an duine féinfhostaithe thú agus baint agat le gníomhaíochtaí a imríonn tionchar ar phróisis ceaptha beartais agus ar phróisis cinnteoireachta institiúidí an Aontais?
Más ea, liostáil le haghaidh Clár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh.
Tá an daonlathas parlaiminteach ar fáil do chách: is an-chasta é an próiseas atá ann le Tionscnamh ó na Saoránaigh a ullmhú, ach is fiú go mór an trioblóid má éiríonn leis agus má ritear reachtaíocht nua dá bharr (28/05/2012).
Níl seo ar fáil i do theanga.
An bhfuil gearán nó iarratas agat a bhaineann le réimse oibre de chuid an Aontais Eorpaigh? Sula seolann tú d'achainí chuig an gCoiste um Achainíocha féach an chaoi a n-oibríonn an próiseas (29/03/2012).
Níl seo ar fáil i do theanga.
Aiseolas ó na mílte saoránach agus eagraíocht as gach cearn den Aontas, is é sin a mhúnlaigh rialacha nua an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Is tionscnaimh iad a éilíonn athruithe coincréiteacha ar dhlíthe an Aontais, agus a bhuí leis na rialacha nua, beidh sé níos éasca ná riamh tionscnaimh ó na saoránaigh a sheoladh nó tacú le ceann atá ann cheana.