Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An chaoi a gcinntear beartas an Aontais

Próiseas cinnteoireachta an Aontais

Tá lámh ag trí phríomhinstitiúid i gcinnteoireacht an Aontais:

  1. is í Parlaimint na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh an Aontais
  2. is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a dhéanann ionadaíocht ar rialtais an Aontais
  3. is é an Coimisiún Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar leasanna an Aontais ina n-iomláine

Is tríd an ngnáthnós imeachta reachtach (rud a dtugtaí an nós imeachta ‘comhchinnteoireachta’ air cheana) is gnách cinneadh faoi bheartas an Aontais Eorpaigh. Sin próiseas ina dtagann na trí phríomhinstitiúid ar chomhaontú le chéile maidir leis an reachtaíocht. 

Dlíthe an Aontais a dhréachtú

Roimh mholadh tionscnamh nua don Choimisiún, déantar measúnú ar an tionchar eacnamaíoch agus an tionchar sóisialta a d’fhéadfaidís a imirt, mar aon leis an tionchar ar an gcomhshaol.

Is trí thuarascáil a ullmhú a dhéanann an Coimisiún sin, tuarascáil ar a dtugtar an ‘measúnú tionchair’, áit a leagtar amach na buntáistí agus na míbhuntáistí atá sna roghanna beartais. Ar na nithe a bhíonn i measúnú tionchair, tá ionchur ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ó údaráis náisiúnta agus ó lucht tionscail, chomh maith le grúpaí saineolaithe a thugann comhairle faoi shaincheisteanna teicniúla.

Féadfaidh daoine aonair, mar aon le gnólachtaí agus eagraíochtaí, aiseolas a chur ar fáil trí chomhairliúcháin phoiblí (ceistneoirí) ar an tairseach Cloisimis uait! ar shuíomh an Choimisiúin.

Féadfaidh na parlaimintí náisiúnta amhras a chur in iúl go foirmiúil má cheapann siad gurbh fhearr déileáil le saincheist ar an leibhéal náisiúnta agus ní ar leibhéal an Aontais.

Breis eolais faoi mheasúnuithe tionchair

An t-athbhreithniú agus an glacadh

Féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle araon an moladh a athbhreithniú ach a mbeidh sé tíolactha ag an gCoimisiún, agus féadfaidh siad leasuithe a mholadh air. De réir na nósmhaireachta, tagann an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile ansin féachaint an féidir leo teacht ar chomhaontú maidir le sraith iomlán leasuithe.

Má tá leasú ann nach n-aontaíonn an Coimisiún leis, ní féidir leis an gComhairle an agóid a chur ar neamhní ach le cinneadh aontola. Más athrú rómhór ar an moladh atá sna leasuithe dar leis an gCoimisiún, is dá chearta an togra a tharraingt siar.

I gcás nach bhfuil na trí institiúid ar aon fhocal le chéile faoin téacs coiteann deiridh, tugtar an dara léamh i gceist.

Nuair atá an dara léamh á dhéanamh, féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle leasuithe eile a mholadh. Chomh maith leis sin, is féidir leis an bParlaimint bac a chur ar an togra mura féidir léi aontú leis an gComhairle.

Má bhíonn comhaontú ann idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, is féidir an moladh a ghlacadh. Má theipeann ar chomhaontú eatarthu, cuirtear coiste idir-réitigh ar bun le réiteach a fháil. An Pharlaimint nó an Chomhairle, féadfaidh ceachtar acu bac a chur ar an moladh le linn an dara léamh deiridh seo.

Glactar togra sa dlí nuair a thagann an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, agus foilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

An gnáthnós imeachta reachtach

Míniú céim ar chéim ar an ngnáthnós imeachta reachtach ina ritheann an Pharlaimint dlíthe i gcomhpháirt leis an gComhairle agus liosta de na dlíthe a ritheadh faoin nós imeachta sin.

Nósanna imeachta reachtacha speisialta

Míniú ar conas a oibríonn an Pharlaimint agus an Chomhairle as lámha a chéile faoi scáth na nósanna imeachta maidir le toiliú agus comhairliúchán.

Na cineálacha reachtaíochta AE 

Bí ag féachaint ar sheisiúin bheo de Pharlaimint na hEorpa

Bí ag féachaint ar sheisiúin bheo de Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Reachtóireacht a rianú

Is féidir súil a choinneáil ar fhorbairt na ndlíthe AE atá molta i rith phróiseas na reachtóireachta, ó chéim na pleanála agus an ghlactha go céim an chur chun feidhme agus an athbhreithnithe.

Tuilleadh eolais faoin dóigh leis an reachtóireacht a rianú

Cuardaigh nósanna imeachta reachtacha

Bí páirteach sa phróiseas reachtaíochta

An clár oibre atá ag an gCoimisiún i dtaca le rialáil níos fearr, is clár é a chuireann ar a gcumas do dhaoine aonair, gnólachtaí, páirtithe leasmhara, údaráis náisiúnta agus eagraíochtaí nach iad páirt a ghlacadh i gceapadh bheartais an Aontais. D’fhéadfá féin do thuairim a chur in iúl sna

Bí páirteach, bí idirghníomhach, bí ag vótáil

Video gallery