- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Tá an leabharlann oscailte d'fhoireann na Comhairle, d'oiliúnaithe, do thoscaireachtaí na mBallstát agus do bhaill foirne institiúidí eile AE. Féadfaidh taighdeoirí agus mic léinn rochtain a iarraidh freisin.
Stóras ollmhór d'acmhainní faoi bheartais an Aontais Eorpaigh, faoi dhlí an Aontais Eorpaigh agus faoi mhórchuid nithe eile atá sna bailiúcháin d'ábhar clóite agus leictreonach atá ag Leabharlann an Choimisiúin Eorpaigh
Grúpáil de leabharlanna institiúideacha an AE a chuireann feabhas ar fheidhmíocht fhoireann na leabharlainne trí theagmhálacha idirleabharlainne agus malartú foirne
Cuardaigh an 6 mhilliún mír dhigiteach ar le bailiúcháin chultúrtha Eorpacha iad
Cuardaigh a bhfuil i leabharlanna náisiúnta na hEorpa de réir cineáil inneachair nó de réir tíre
Tugann institiúidí an AE cumhdach grianghraf, físe agus fuaime ar nuacht na hEorpa do chraoltóirí, gníomhaireachtaí nuachta, an preas scríofa agus aon duine a bhfuil ábhar faoin AE uaidh
Cartanna staire institiúidí an AE
NÓTA: Tá a sheirbhís cartlainne féin ag gach institiúid is comhlacht chun a gcuid comhad is cáipéisí a bainistiú ar feadh a ré. Tá rochtain ar chartlanna staire an AE faoi réir riail an 30 bliain, .i. tugtar rochtain ar na comhaid don phobal 30 bliain tar éis a ndéanta.
Is í an Institiúid Ollscoile Eorpach, Flórans, a riarann Cartlanna Staire an AE. Cuireann sí doiciméid ó na hinstitiúidí Eorpacha - fara a leithéid ó ghluaiseachtaí is ó phearsantaí atá ar son na hEorpa - ar fáil don phobal.
Ábhar faoi ghníomhaíocht pholaitiúil is reachtach na Parlaiminte ó 1952 go 2009.
Taifid is comhaid chomh fada siar le 1964
Tuairimí, taifid na gcruinnithe is na seisiún iomlánach, agus rialacháin
Léargas míosúil ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh agus institiúidí eile an AE ó 1994 go 2009.