Tá an tAontas ag úsáid na n-acmhainní ar fad atá ar fáil dó chun cuidiú leis na Ballstáit an fhreagairt ar an leibhéal náisiúnta a chomhordú, agus tá eolas oibiachtúil á chur ar fáil aige ar leathadh an víris, ar na hiarrachtaí éifeachtacha atá á ndéanamh chun é a shrianadh agus ar na bearta atá ar bun chun an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta atá déanta ag an bpaindéim a dheisiú.
Ón leathanach seo, féadfaidh tú rochtain a fháil ar na leathanaigh ghréasáin agus acmhainní tiomnaithe atá á bhfoilsiú ag ag institiúidí, comhlachtaí agus Ballstáit an Aontais.
Plean téarnaimh don Eoraip
D'éirigh le ceannairí an Aontais teacht ar chomhaontú maidir leis an bplean téarnaimh don Eoraip. A bhuí le suim arb ionann í agus beagnach €1.8 trilliún san iomlán, cuirfear an Eoraip ar bhóthar a leasa i dtreo téarnamh inbhuanaithe athléimneach.
Re-open EU
Leis an uirlis idirghníomhach seo atá ar fáil i 24 theanga, is féidir leat taisteal agus laethanta saoire san Eoraip a phleanáil agus a chinntiú go mbeidh tú folláin agus sábháilte san am céanna.
An Dlúthpháirtíocht Eorpach ar obair
Tíortha, réigiúin agus saoránaigh ar fud an Aontais, tá siad ag tabhairt lámh chúnta do chomharsana le linn na tréimhse géarchéime seo. Gheobhaidh tú thíos scéalta eiseamláireacha de scoth na dlúthpháirtíochta Eorpaí.
#EuropeansAgainstCovid19
An coróinvíreas: an Dlúthpháirtíocht Eorpach ar obair
Eorpaigh i gcoinne COVID-19
An bhréagaisnéis a chomhrac
Le ráig COVID-19 san Eoraip, scaipeadh rabharta d'fhaisnéis a bhí contúirteach bréagach agus míthreorach go minic. Is iarracht chomhpháirteach é an comhrac in aghaidh na bréagaisnéise, na mífhaisnéise agus an chur isteach eachtraigh, comhrac a bhfuil na hinstitiúidí Eorpacha go léir, na Ballstáit, an tsochaí shibhialta agus na hardáin ar líne bainteach leis.
Conas an bhréagaisnéis a chomhrac (Parlaimint na hEorpa)
An bhréagaisnéis a chomhrac (Comhairle an Aontais Eorpaigh)
An bhréagaisnéis a chomhrac (An Coimisiún Eorpach)
Plean téarnaimh don Eoraip
Chun cabhrú le deisiú an damáiste eacnamaíoch agus shóisialta atá déanta ag paindéim an choróinvíris, chun tús a chur le téarnamh na hEorpa agus chun poist a chosaint agus a chruthú, tá plean téarnaimh ollmhór don Eoraip á bheartú ag an gCoimisiún Eorpach, plean atá bunaithe ar leas iomlán a bhaint as buiséad an Aontais.
Plean téarnaimh don Eoraip (Comhairle an Aontais Eorpaigh, na forbairtí is déanaí agus amlíne)
Plean téarnaimh don Eoraip (An Coimisiún Eorpach)
Na Ballstáit, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus an Ríocht Aontaithe
Foinsí eolais maidir le paindéim an choróinvíris (COVID-19) san AE/LEE agus sa Ríocht Aontaithe
Coinnigh súil ar an dul chun cinn is déanaí agus bí linn ar na meáin shóisialta
#StrongerTogether, #EuropeansAgainstCovid19, #UnitedAgainstCoronavirus, #GlobalResponse
Tvuíteanna ó na húdaráis sláinte i mBallstáit an Aontais
Líonraí sóisialta eile
Íomhánna agus físeáin ó Bhallstáit an Aontais