- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Conas is féidir liom post a fháil i dtír Eorpach eile? Cuireadh m'eitilt ar ceal – cad iad na cearta atá agam? Cé na deontais AE a dtig le m'eagras cur isteach orthu? An bhfuil sé sábháilte siopadóireacht a dhéanamh ar líne i dtír eile san Aontas Eorpach? An bhfuil aon rialacha AE ann a ráthaíonn caighdeán ár mbia?
Seo cuid de na ceisteanna coitianta a bhíonn ag daoine faoin Aontas Eorpach. Is féidir linne iad a fhreagairt.
Is é an Coimisiún Eorpach a reáchtálann Ionad Teagmhála Europe Direct. Freagraímid ceist ar bith ón bpobal faoin Aontas Eorpach, ar an nguthán nó trí ríomhphost. Tá cainteoirí dúchais gach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais ar ár bhfoireann.
Is féidir linn
Ar an drochuair, ní féidir le Europe Direct na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Níl aon chostas ag baint lenár seirbhísí. Is féidir glao a chur orainn as áit ar bith san Aontas Eorpach saor in aisce ar 00 800 6 7 8 9 10 11. I bhfíorbheagán cásanna, ní cheadaíonn oibritheoirí teileafóin rochtain ar an uimhir sin, nó gearrann siad táille as. Sin an chúis gur féidir teacht orainn ar uimhreacha eile i ngach tír freisin.
Is féidir scríobh chugainn nó glao a chur orainn as áit ar bith ar domhan. Má tá tú ag cur glao orainn as áit lasmuigh den Aontas, íocfaidh tú gnáth-tháille an líonra. Is féidir leat glaonna a dhéanamh ar an idirlíon freisin.
Lasmuigh d’ár n-uaireanta oibre – laethanta oibre 9 a.m. go 6 p.m. Am Lár na hEorpa – is féidir leat teachtaireacht a fhágáil nó iarraidh orainn glao ar ais ort trí úsáid a bhaint as an bhfoirm seo.
De ghnáth, tugtar freagra ar fhiosrúcháin i scríbhinn laistigh de 3 lá. D’fhéadfadh sé go dtógfadh ceisteanna casta níos mó ama. Ar an meán, tugaimid freagra ar ghlaonna gutháin laistigh de 15 shoicind.
Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi do chearta praiticiúla faoi dhlí an Aontais agus, i gcásanna áirithe, comhairle dlí a fháil faoin gcaoi a mbíonn feidhm acu, ag An Eoraip Agatsa.