Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Iompórtáil, easpórtáil agus trádáil san Aontas

Seasamh an Aontais ó thaobh trádáil dhomhanda de

Is é an tAontas atá ar thosach an tslua a mhéid a bhaineann leis an trádáil dhomhanda. I ngeall ar a oscailte is atá socruithe trádála an Aontais, is é an gníomhaí is mó é i dtaobh trádáil dhomhanda de agus is maith an réigiún é le gnó a dhéanamh leis.

Gach lá déanann an tAontas luach na gcéadta milliún euro d’earraí a easpórtáil agus luach na gcéadta milliún euro eile a iompórtáil. Is é an t-easpórtálaí is mó ar domhan é ó thaobh earraí monaraithe agus seirbhísí de, agus is é an margadh iompórtálacha is mó é ag bhreis agus 80 tír.

San iomlán, is iad tíortha an Aontais is siocair le 16% d’iompórtáil agus easpórtáil an domhain.

 

Trádáil san Aontas agus leis an Aontas

Earraí agus seirbhísí a dhíol san Aontas

Eolas faoi chonarthaí poiblí, earraí agus seirbhísí a dhíol, agus iomaíocht idir gnólachtaí.

Easpórtáil ón Aontas Eorpach

Forléargas ar na nósanna imeachta agus na rialacha maidir le hearraí a easpórtáil ón Aontas, lena n-áirítear eolas faoi dhleachtanna agus cánacha, bacainní trádála, seirbhísí do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, agus eolas trádála de réir tíre.

Iompórtáil isteach san Aontas

Treoir maidir le rialacha agus cánacha iompórtála an Aontais, lena n-áirítear eolas faoi cheanglais, dleachtanna iompórtála, rialacha tionscnaimh, CBL, dleachtanna máil agus cánacha díolacháin.

Bunachar sonraí aicmithe taraifí an Aontais Eorpaigh (TARIC)

Faigh rochtain ar TARIC, Taraif chomhtháite an Aontais Eorpaigh, ar bunachar sonraí ilteangach é a chlúdaíonn na bearta go léir a bhaineann le taraifí custaim an Aontais, agus reachtaíocht tráchtála agus talmhaíochta.