Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Dul i mbun gnó san Aontas Eorpach

Gnólacht a bhunú, a bhainistiú agus a fhás

Is iomaí deis ghnó atá le fáil san Eoraip. Agus gnólacht á bhunú agat, tá sé tábhachtach go mbeidh na rialacha ar eolas agat, cuir i gcás cáin bhreisluacha (CBL) agus custaim, caighdeáin táirgí, agus fostaíocht. Tá cistí éagsúla de chuid an Aontais ann freisin ar féidir leat leas a bhaint astu i do cháil mar ghnólacht beag.

Gnólacht a bhunú san Aontas

Faigh amach conas do ghnólacht nuathionscanta a bhunú agus faoi na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann leis. Tá eolas ar fáil freisin faoin mbealach le do smaointe gnó a chosaint, rialacha maidir le cuntais bhliantúla agus cumaisc le cuideachtaí eachtracha, agus an dóigh leis an leas is mó is féidir a bhaint as an scéim malairte foirne.

CBL agus custaim

Faigh eolas faoi na rialacha maidir le CBL, dleachtanna máil, máthairchuideachtaí agus a bhfochuideachtaí, cáin chorparáide, nó seiceáil an bhfuil gnólacht cláraithe chun trádáil a dhéanamh san Eoraip (uimhir CBL de chuid an Aontais).

Caighdeáin táirgí agus comhlíonadh na gcaighdeán sin

Is éard is caighdeáin ann treoirlínte deonacha lena gcuirtear sonraíochtaí teicniúla ar fáil i dtaca le hearraí, seirbhísí agus próisis áirithe le cabhrú chun an comhshaol agus sláinte an tomhaltóra a chosaint. Sular féidir táirge a dhíol i mBallstát den Aontas, ní mór a léiriú go gcomhlíonann sé na rialacha atá i bhfeidhm sa tír sin agus ar fud an Aontais.

Fostaíocht & leas foirne

Faigh eolas faoi na ceanglais a leagtar síos le dlí an Aontais maidir le téarmaí fostaíochta do bhaill foirne, athruithe ar chonarthaí oibre agus eolas a thabhairt do bhaill foirne agus dul i gcomhairle leo. Tá rialacha sonracha ann freisin le haghaidh oibrithe san earnáil iompair agus oibrithe ar postú (fostaithe a earcaítear i dtír amháin ach a fhostaítear i dtír eile).

Tacaíocht do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide

Is iad gnólachtaí beaga agus meánmhéide cnámh droma gheilleagar na hEorpa agus is iad atá i 99% de ghnólachtaí uile an Aontais. Tá siad ríthábhachtach, mar sin, i dtaca le sprioc dhúbailte an Aontais geilleagar inbhuanaithe agus digiteach a chruthú.

Rochtain ar airgeadas

Cuireann an tAontas tacaíocht ar fáil do ghnólachtaí beaga trí údaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta. Idirghabhálaithe airgeadais, cuir i gcás bainc agus gnólachtaí caipitil fiontair, cuireann siadsan maoiniú ar fáil freisin i bhfoirm iasachtaí atá ráthaithe ag an Aontas, airgeadas ar léas agus maoiniú cothromais.

Cuidiú do ghnólachtaí beaga atá ag leathnú amach

Chun cuidiú le gnólachtaí beaga agus meánmhéide easpórtáil agus infheistíocht a dhéanamh lasmuigh den Aontas, cuireann an Coimisiún eolas ar fáil maidir le rochtain ar mhargaí agus ar dheiseanna meaitseála.

Comhairle ghinearálta agus tacaíocht

Cuidíonn an Líonra Fiontar Eorpach le gnólachtaí beaga agus meánmhéide a dteastaíonn uathu gnó a dhéanamh ar na margaí idirnáisiúnta. Aimseoidh tú sainchomhairle, teagmhálaithe agus imeachtaí ann lena nascfar thú leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta cearta agus a chuideoidh leat do ghnólacht a fhás.