- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Suíomh gréasáin oifigiúil an Aontais Eorpaigh é Europa.eu. Is túsphointe maith é má tá eolas faoin Aontas nó faoi na seirbhísí a chuireann sé ar fáil uait ach nach bhfuil cur amach agat ar ár suíomhanna gréasáin.
Ar an suíomh seo gheobhaidh tú:
Is í Roinn Cumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh a riarann an suíomh seo thar ceann institiúidí uile an Aontais Eorpaigh.
Chun an suíomh seo a chuardach roghnaigh ceann de na príomhábhair, m.sh. Conas a oibríonn an tAontas, Do shaolsa san Aontas, I mbun gnó, AE de réir ábhair; nó úsáid an t-inneall cuardaigh.
Is beag eagraíocht eile ar domhan a fhoilsíonn níos mó eolais ar líne ná an tAontas Eorpach. Cuirtear an t-uafás eolais ar líne gach aon lá, m.sh. reachtaíocht, staitisticí, preaseisiúintí, tuarascálacha beartais agus nithe eile.
Tá a suíomh gréasáin féin ag gach institiúid agus ag gach gníomhaireacht den Aontas Eorpach. Tá a shuíomh féin ag gach ceann d’oifigí an Aontais sna Ballstáit agus i dtíortha mórthimpeall an domhain, chomh maith. Tá go leor seirbhísí eile ar fáil ar líne, m.sh. uimhir CBL cuideachta a aimsiú, foilseacháin de chuid an Aontais a ordú agus cabhrú le daoine poist a chuardach thar lear.
Is é aidhm an tsuímh seo comharthaí chuig an eolas sin a chur ar fáil. Tá iarracht déanta againn eagar a chur ar an eolas sin agus tá tuairisc tugtha againn ar an eolas a gheofar lastall de gach nasc.
Is ar mhaithe leatsa a ceapadh Europa.eu. Oibrímid i gcomhar le húsáideoirí an tsuímh seo chun struchtúr agus teanga an tsuímh a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir, agus bímid de shíor ag lorg bealaí le feabhas a chur air.
Le trácht a dhéanamh, nó le moltaí nó aiseolas a thabhairt faoin suíomh seo, déan teagmháil le foireann ghréasáin Europa
Déantar na tráchtanna a fhaighimid ó úsáideoirí ár suímh gréasáin a aistriú, a léamh agus a anailísiú ar bhonn seachtainiúil. Bíonn an suíomh á chur in oiriúint againn de shíor de réir an aiseolais a thugtar dúinn.
Tá ceithre shlí a fhaighimid aiseolas ó úsáideoirí shuíomh gréasáin an Aontais Eorpaigh:
Aistrítear (trí aistriúchán uathoibríoch) na tráchtanna agus na moltaí uile a fhaighimid go teangacha a thuigimid agus ansin déanaimid anailís orthu. Lorgaímid fadhbanna a tharlaíonn arís is arís eile agus bímid de shíor ag déanamh athruithe. B'fhéidir gur nasc nua, cur síos ar nasc a athrú nó slite eile a aimsiú le cabhrú le daoine teacht ar an eolas atá uathu, a bheadh i gceist.
Ní bhíonn ainm ar bith leis na tráchtanna a fhaighimid ná ní choimeádaimid sonraí na ndaoine a úsáideann an suíomh gréasáin nó a thugann aiseolas.
Leis an aiseolas ónár gcuairteoirí agus lenár n-uirlis anailíse, déanfaimid amach cé hiad ár gcuairteoirí agus céard atá uathu. In 2018 thug 2.3 milliún duine cuairt ar an suíomh gréasáin EUROPA gach mí ar an meán, agus ba ó lasmuigh den Aontas 25% díobh sin. Léirigh freagraí na suirbhéanna gur cúiseanna gairmiúla a bhí le formhór na gcuairteanna seo, agus go raibh an tromlach an-sásta leis an suíomh.