Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Poist agus tréimhsí oiliúna in institiúidí an Aontais Eorpaigh

Earcaíocht foirne an Aontais

Fostaíonn institiúidí an Aontais breis agus 60,000 duine ó na 27 mBallstát den Aontas. Reáchtálann an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ‘comórtais oscailte’ chun foireann a roghnú do phoist bhuana is neamhbhuana. Is é suíomh gréasáin EPSO an chéad cheann scríbe do gach duine ar mian leo oibriú don Aontas: mínítear ar an suíomh sin an próiseas roghnúcháin agus cuireann sé comhairle ar fáil maidir le conas ullmhú do na comórtais.

Na cineálacha gairmeacha atá ar fáil san Aontas

Cúlra de gach saghas a bhíonn ag iarratasóirí ar phoist sna hinstitiúidí Eorpacha, mar sin beidh tú ag obair le grúpa comhghleacaithe éagsúil ilchultúrtha mar chuid de ghairm leis an Aontas Eorpach.  Le haghaidh an chuid is mó de na poist sna hinstitiúidí, ní mór ar a laghad 2 theanga oifigiúla den Aontas a bheith agat.

Cén fáth ar cheart dom smaoineamh ar ghairm in institiúidí an Aontais?

In institiúidí an Aontais, is féidir leat obair a dhéanamh ar na príomh-shaincheisteanna a dhéanann difear dúinn ar fad, cuir i gcás: an t-athrú aeráide, imirce, sábháilteacht agus sláinte, trádáil, cumarsáid mhóibíleach. Ina theannta sin, tá an fhéidearthacht ann dul ag obair i ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain.

Próifílí na ngairmeacha laistigh den Aontas

Mar fhostaí de chuid an Aontais Eorpaigh, is iomaí sin gairm ar fáil duit, de réir do chúlra, cuir i gcás: iniúchóireacht, cumarsáid, eacnamaíocht/staitisticí, an riarachán poiblí Eorpach, caidreamh seachtrach, airgeadas, teicneolaíocht na faisnéise, teangacha (an t-aistriúchán nó an ateangaireacht), dlí agus eile.

Féach próifílí na ngairmeacha san Aontas

Conas iarratas a dhéanamh ar chineálacha éagsúla fostaíochta

Fostaíonn an tAontas foireann bhuan (státseirbhísigh), foireann ar conradh agus foireann shealadach, agus cuireann sé tréimhsí oiliúna (intéirneachtaí) ar fáil. Coinníonn sé bunachair sonraí saineolaithe i réimsí ábhartha.

An fhoireann bhuan

Is riarthóirí (AD) nó cúntóirí (AST) iad an fhoireann bhuan (státseirbhísigh).

Is iondúil go mbíonn baint ag riarthóirí le dréachtú beartas, faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú dhlí an Aontais, anailísiú a dhéanamh agus comhairle a chur ar fáil maidir le réimsí sonracha. I gcoitinne, ní mór duit a bheith i do chéimí agus trí bliana ollscoile ar a laghad a bheith críochnaithe agat chun cur isteach ar chomórtas do riarthóirí.

Is iondúil go n-oibríonn cúntóirí i róil tacaíochta agus bíonn géarghá leo maidir le bainistiú inmheánach na n-institiúidí. I gcoitinne, ní mór duit an mheánscoil ar a laghad a bheith críochnaithe agat chun cur isteach ar chomórtas do chúntóirí.

Ball foirne ar conradh

Fostaítear baill foirne ar conradh do shainchúraimí lámhoibre nó riaracháin. Do thréimhse theoranta a bhíonn na conarthaí de ghnáth – ag tosú go hiondúil le 6-12 mhí.

Baill foirne shealadacha

Earcaítear baill foirne shealadacha ar conarthaí suas le 6 bliana do thascanna speisialaithe nó sealadacha.

Oiliúnaithe (intéirnigh)

Gach bliain, faigheann tuairim agus 1,900 céimí óg an deis páirt a ghlacadh i gcláir oiliúna (intéirneachtaí) an Aontais. An chuid is mó d’institiúidí an Aontais, cuireann siad intéirneachtaí ar fáil a mhaireann ar feadh idir 3 agus 5 mhí.

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

Is é is saineolaithe náisiúnta ar iasacht ann státseirbhísigh náisiúnta nó idirnáisiúnta nó daoine atá fostaithe san earnáil phoiblí agus atá ag obair ar bhonn sealadach d’institiúid an Aontais. Téigh i dteagmháil le buanionadaíocht do thíre chuig an Aontas Eorpach chun teacht ar eolas maidir leis na deiseanna atá ann faoi láthair.

Obair eatramhach

Glacann roinnt institiúidí le foireann eatramhach do thréimhsí nach mó ná sé mhí, agus is obair rúnaíochta a bhíonn i gceist de ghnáth. Téigh i dteagmháil le gníomhaireachtaí sealadacha áitiúla le haghaidh tuilleadh eolais maidir le hearcaíocht.

Ateangairí

Tá seirbhís ateangaireachta dá gcuid féin ag Parlaimint na hEorpa, ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ach is i gcomhpháirt le chéile a roghnaíonn siad saorateangairí. Chun bheith i do shaorateangaire, ní mór duit pas a ghnóthú i dtriail chreidiúnúcháin. Chun bheith i d’oifigeach buan, ní mór duit páirt a ghlacadh sna comórtais a eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO).

Aistritheoirí

Chomh maith le haistritheoirí, bíonn gá ag institiúidí an Aontais le téarmeolaithe, speisialtóirí sa teicneolaíocht teanga, dlítheangeolaithe, eagarthóirí, profléitheoirí agus saineolaithe idirchultúrtha agus teanga chomh maith.

Saineolaithe an Aontais

Ceapann institiúidí an Aontais saineolaithe seachtracha chun cuidiú leo measúnú a dhéanamh ar iarratais ar dheontais, tionscadail agus tairiscintí agus chun a dtuairimí agus comhairle a fháil i gcásanna sonracha. Coinníonn an tAontas bunachair sonraí ina bhfuil ainmneacha agus cáilíochtaí saineolaithe neamhspleácha a chabhraíonn leis na hinstitiúidí i réimsí sonracha.

Grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa

Chun post a fháil le grúpa polaitiúil, téigh i dteagmháil le ceann de na páirtithe polaitiúla a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu i bParlaimint na hEorpa. Ní dhéanann institiúidí an Aontais na poist sin a riar.

Video gallery