- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Ó bhí 1957 ann tá an tAontas Eorpach ag obair ar son na síochána agus an rathúnais, rud atá le leas shaoránaigh an Aontais. Cabhraíonn an tAontas lenár gcearta polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha bunúsacha a chosaint.
Cé go ndéanaimid talamh slán de na tairbhí sin go minic, bíonn an saol laethúil níos fearr dá mbarr.
Maidir le lár agus le hiarthar na hEorpa, ní raibh riamh tréimhse níos faide gan chogadh ná an tréimhse reatha. Is é an tAontas Eorpach an tionscadal síochána is rathúla i stair an duine agus bronnadh Duais Nobel na Síochána air. Tá dlúthcheangail i measc mhuintir na hEorpa ó thaobh an gheilleagair agus an chultúir de, agus mar gheall ar ár gcomhluachanna daonlathacha.
Is é an margadh aonair an margadh is forbartha agus is oscailte ar domhan. Tá sé bunaithe ar 4 phríomhshaoirse an Aontais, saoirsí a fhágann gur féidir leatsa agus le saoránaigh eile:
Bíonn dlúthchomhar idir na Ballstáit agus, mar gheall air sin, tá cuid de na caighdeáin cháilíochta is airde ar domhan ag ár mbia agus ag ár gcomhshaol. Ní ligtear le cuideachtaí neamhscrupallacha bia éillithe a dhíol ná aibhneacha agus an tuath a thruailliú.
Féadfaidh lucht siopadóireachta a bheith lánmhuiníneach as go bhfaighidh siad a gcuid airgid ar ais má thugann siad na táirgí ar ais chuig an díoltóir. Féadfaidh taistealaithe ticéid traenach nó eitleáin a cheannach agus fios acu go n-aisíocfar iad má chuirtear moill ar a n-aistear nó má chuirtear ar ceal é. Ina theannta sin, na caighdeáin is gá a bheith comhlíonta ag táirgí i siopaí san Aontas, tá siad ar na caighdeáin is déine ar domhan, i dtaobh cáilíochta agus sábháilteachta araon.
Cosnaíonn an tAontas gach grúpa mionlaigh agus grúpa leochaileach, agus seasann sé ar son na ndaoine atá faoi chois. Creideann an tAontas go diongbháilte gur cheart caitheamh go comhionann le gach duine, beag beann ar náisiúntacht, ar inscne, ar theanga, ar chultúr, ar ghairm, ar mhíchumas nó ar ghnéasacht.
Is mó cumhacht ar an leibhéal domhanda a bhíonn ag na Ballstáit agus iad ag gníomhú i gcomhar le chéile ná mar a bheadh ag 27 náisiúin bheaga agus mheánmhéide ag gníomhú dóibh ina n-aonar. Tá neart polaitiúil againn. Maidir le cúrsaí trádála, is iad caighdeáin rialála agus caighdeáin do tháirgí an Aontais a ghlactar ar fud an domhain mar na gnáthchaighdeáin idirnáisiúnta.
Faigh amach conas a dhéanann an tAontas Eorpach difear do do shaol. B’fhéidir go gcuirfeadh an méid samplaí iontas ort.
Bia agus táirgí níos sábháilte. Aer agus uisce níos glaine. An cumas cónaí agus oibriú in aon áit is mian liom. Is féidir liom glaoch abhaile ar phraghsanna baile as aon áit in AE. Is féidir liom íoc ag úsáid an airgeadra chéanna i 19 dtír. Níl ansin ach cuid de na rudaí a fhaighim ó AE.
Beidh sé níos sláine ná riamh siopadóireacht ar líne a dhéanamh nó nascadh le do bhanc ón mbaile a bhuí le fíordheimhniú láidir custaiméara.
Níl seo ar fáil i do theanga.