- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Níl macasamhail eagrú institiúideach an AE ar fáil in aon áit eile ar domhan:
Is í an Chomhairle Eorpach a shocraíonn treoir pholaitiúil fhoriomlán an AE – ach níl aon chumhacht aici dlíthe a rith. Maille lena hUachtarán féin – Charles Michel faoi láthair – is iad na ceannairí stáit nó rialtais agus Uachtarán an Choimisiúin a chomhdhéanann an Chomhairle, agus tionóltar ar feadh cúpla lá as a chéile gach 6 mhí ar a laghad í.
Is iad na trí institiúid is mó a bhíonn i mbun reachtaíocht an AE:
I dteannta a chéile, is iad na trí institiúid sin a dhéanann, tríd an "nGnáthnós Imeachta Reachtach" ("comhchinnteoireacht" mar a thugtaí air) na beartais agus na dlíthe a bhfuil feidhm acu ar fud an AE. I bprionsabal, is é an Coimisiún a mholann dlíthe nua, agus is iad an Pharlaimint agus an Chomhairle a ghlacann iad. Cuireann an Coimisiún agus na Ballstáit na dlíthe sin chun feidhme ansin, agus cinntíonn an Coimisiún go ndéantar iad a chur i bhfeidhm go cuí.
Cinnteoireacht san AE – tuilleadh eolais faoi nósanna imeachta reachtóireachta an AE
Liosta na dtíortha a mbeidh an uachtaránacht ar Chomhairle an AE acu idir 2014 agus 2020
Tá róil thar a bheith tábhachtach ag dhá institiúid eile:
Tá cumhachtaí agus freagrachtaí na n-institiúidí seo leagtha síos sna Conarthaí ar a bhfuil gach rud a dhéanann an AE bunaithe. Is sna Conarthaí céanna a leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta nach mór d'institiúidí an AE a leanúint. Is iad uachtaráin agus/nó príomhairí Bhallstáit uile an AE a chomhaontaíonn na Conarthaí, agus is iad na parlaimintí a dhaingníonn iad.
Tá roinnt institiúidí agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile ag an AE a bhfuil róil ar leith acu: