Is comhlacht comhairleach é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa atá comhdhéanta d'ionadaithe ó eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí agus grúpaí sainleasa eile. Eisíonn sé tuairimí ar shaincheisteanna AE chuig an gCoimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú mar nasc idir institiúidí cinnteoireachta an Aontais agus saoránaigh an Aontais ar an gcaoi sin.
Cad a dhéanann CESE?
Tugann sé deis labhartha fhoirmiúil do ghrúpaí sainleasa maidir le tograí reachtacha AE. Tá na 3 phríomhchúraimí seo a leanas aige:
- a chinntiú go mbeidh beartas agus dlí an Aontais oiriúnaithe do dhálaí eacnamaíocha agus sóisialta, trí comhthoil láidir atá ar son an leasa choitinn a iarraidh.
- Aontas Eorpach rannpháirteach a chur chun cinn trí dheis labhartha a thabhairt d'eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí agus idirphlé a bhunú leo.
- luachanna an lánpháirtithe eorpaigh a chur chun cinn agus cúis an daonlathais rannpháirtigh agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur ar aghaidh.
Comhdhéanamh
Déanann comhaltaí CESE ionadaíocht thar ceann an dá thaobh d'earnáil na tionsclaíochta agus thar ceann grúpaí leasmhara sóisialta ar fud na hEorpa. Is iad na rialtais náisiúnta a ainmníonn na comhaltaí agus is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a cheapann iad ar feadh téarma 5 bliana in-athnuaite. Braitheann an líon comhaltaí in aghaidh na tíre ar dhaonra na tíre sin.
Toghann CESE a Uachtarán agus 2 Leas-Uachtarán ar feadh téarmaí 2 bhliain. Tagann na comhaltaí ó cheann de 3 ghrúpa:
- fostóirí
- oibrithe
- grúpaí sainleasa eile (e.g feirmeoirí, tomhaltóirí).
Cén chaoi a n-oibríonn CESE?
Téann Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach i gcomhairle le CESE maidir le héagsúlacht ábhar. Eisíonn an Coiste tuairimí ar a thionscnamh féin chomh maith.
Bíonn na comhaltaí ag obair don Aontas Eorpach agus iad neamhspleách ar a gcuid rialtas féin. Tagann siad le chéile 9 n-uaire sa bhliain. Glactar tuairimí trí vótáil tromlaigh shimplí.
Is iad rannóga speisialaithe CESE agus an coimisiún comhairliúcháin um athrú tionsclaíoch a ullmhaíonn na cruinnithe. Is iad meithil smaointe speisialaithe (dá dtugtar 'faireachlanna') CESE agus coiste stiúrtha Eoraip 2020 a choimeádann súil ar dhul chun cinn straitéisí an Aontais.
Fanann CESE i dteagmháil le comhairlí eacnamaíocha agus sóisialta réigiúnacha agus áitiúla ar fud an Aontais Eorpaigh – go príomha chun faisnéis a chomhroinnt agus ceisteanna ar leith a phlé.
Tusa agus CESE
Reáchtálann CESE imeachtaí ealaíne, óige agus eile chun an tAontas agus a chuid saoránach a thabhairt níos gaire dá chéile.