- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Ag seo na ceannairí fadbhreathnaitheacha ab inspioráid don Aontas ina bhfuilimid ag maireachtáil inniu. Gan a gcuid dúthrachta agus an spreagadh a thug siad, ní bheimis ag maireachtáil anois sa limistéar síochána agus cobhsaíochta seo, a ndéanaimid talamh slán de go minic.
Idir throdaithe frithbheartaíochta agus dlíodóirí, ba ghrúpa an-éagsúil daoine iad na ceannródaithe ach b’ionann idéal dóibh ar fad: an Eoraip agus í aontaithe, faoi shíocháin agus faoi rath.
Le cois na gceannródaithe a ndéantar cur síos orthu thíos, is iomaí duine eile a spreag tionscadal na hEorpa agus a d’oibrigh gan stad gan staonadh chun é a chur i gcrích. Obair idir lámha, dá bhrí sin, is ea an roinn seo na gceannródaithe AE.
Ba é an aidhm a bhí le bunú an Aontais Eorpaigh deireadh a chur leis an iliomad cogaí fuilteacha a chur tíortha comharsanacha ar a chéile i gcaitheamh na mblianta, agus arb é an Dara Cogadh Domhanda an ceann ba mheasa díobh ar fad. Ó 1950 amach, thosaigh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus do Chruach ar thíortha Eorpacha a aontú ó thaobh geilleagair agus polaitíochta de, chun síocháin bhuan a bhaint amach. Is iad an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír na sé thír a bhunaigh an Comhphobal sin. Is é an Cogadh Fuar idir an t-oirthear agus an t-iarthar an rud is mó a bhí i dtreis sna 1950idí. I 1956, chuir tancanna Sóivéadacha agóidí san Ungáir in aghaidh réimeas na gCumannach faoi chois. Cruthaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) nó 'an Cómhargadh’ le Conradh na Róimhe i 1957.
Tréimhse mhaith a bhí ann sna 1960idí, rud a chuidigh go mór leis an ngeilleagar, agus ceann de na cúiseanna a bhí sin amhlaidh gur chuir tíortha an Aontais Eorpaigh deireadh le bheith ag gearradh dleachtanna custaim ar a chéile. Chinn siad freisin táirgeadh bia a rialú go comhpháirteach, ionas go mbeadh go leor le hithe ag gach duine; agus níorbh fhada ina dhiaidh sin go raibh barrachas de tháirgí talmhaíochta ann fiú. D'éirigh 1968 cáiliúil as círéibeacha na mac léinn i bPáras, agus is iomaí athrú sa tsochaí agus in iompar daoine a shamhlaítear le 'glúin '68', mar a thugtar uirthi.
Tháinig an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe isteach sa Chomhphobal an 1 Eanáir 1973, rud a d'ardaigh líon na mBallstát go naoi gcinn. Tháinig géarchéim fuinnimh agus fadhbanna eacnamaíocha san Eoraip as an gcogadh gearr, ach bruidiúil, idir tíortha Arabacha agus Iosrael a fearadh i nDeireadh Fómhair 1973. Tháinig deireadh le ré na ndeachtóireachtaí deireanacha de chuid na heite deise san Eoraip le coscairt réimeas Salazar sa Phortaingéil i 1974 agus le bás an Ghinearáiil Franco na Spáinne i 1975. Faoina bheartas réigiúnach, thosaigh an tAontas Eorpach ag aistriú suimeanna móra airgid chun fostaíocht a chruthú agus chun bonneagar a thógáil sna réigiúin is boichte. Mhéadaigh ar thionchar Pharlaimint na hEorpa ar ghnóthaí an Aontais Eorpaigh agus i 1979, den chéad uair riamh, bhí gach saoránach in ann a fheisirí a thoghadh go díreach. Chuaigh an comhrac i gcoinne thruailliú an chomhshaoil i ndéine sna 1970idí. Thug an tAontas Eorpach isteach dlíthe chun an comhshaol a chosaint, cuir i gcás an coincheap nua ‘íoc mar a thruaillítear’.
Tháinig an ceardchumann Polannach, Solidarność, agus a cheannaire Lech Wałęsa, chun bheith i mbéal an phobail ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain tar éis stailceanna i longchlós Gdańsk i samhradh 1980. I 1981, tháinig an Ghréig isteach san Aontas Eorpach, an deichiú Ballstát san am, agus lean an Spáinn agus an Phortaingéil í cúig bliana ina dhiaidh sin. Síníodh an Ionstraim Eorpach Aonair i 1986. Conradh é seo a leag síos an bonn do chlár ábhalmhór sé bliana arb é ab aidhm dó na fadhbanna a bhain le saorsreabhadh na trádála ar fud na hEorpa a réiteach; is uaidh a d'eascair an ‘Margadh Aonair’. Tharla mórchorraíl pholaitiúil nuair a leagadh Balla Bheirlín an 9 Samhain 1989 agus gur osclaíodh an teorainn idir oirthear agus iarthar na Gearmáine den chéad uair le 28 mbliana. Mar thoradh air sin, athaontaíodh an dá chuid den Ghearmáin i nDeireadh Fómhair 1990.
Le cliseadh an chumannachais ar fud lár agus oirthear na hEorpa, d'éirigh muintir uile na hEorpa níos gaire dá chéile. Tugadh an Margadh Aonair chun críche i 1993 nuair a baineadh amach na ‘ceithre shaoirse’, mar atá saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus airgid. Is i gcaitheamh na 1990idí a tugadh dhá chonradh i gcrích freisin: Conradh 'Maastricht’ ar an Aontas Eorpach i 1993 agus Conradh Amstardam i 1999. Conas an comhshaol a chosaint agus conas a d'fhéadfadh Eorpaigh dul i gcomhar le chéile ar cheisteanna slándála agus cosanta, sin iad na hábhair a bhí ag déanamh imní don phobal san am. I 1995 tháinig trí Bhallstát nua isteach san Aontas Eorpach: an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn. As Schengen, sráidbhaile beag i Lucsamburg, a ainmníodh na comhaontuithe lenar tugadh cead, diaidh ar ndiaidh, do dhaoine a bheith ag dul ó thír go chéile gan pas a thaispeáint ag na teorainneacha. Le tacaíocht an Aontais Eorpaigh thosaigh daoine óga ag dul i mbun staidéir i dtíortha eile, rud atá déanta ag na milliúin duine faoin am seo. D'éirigh an chumarsáid níos fusa de réir mar a thosaigh tuilleadh daoine ag baint úsáide as fóin phóca agus as an idirlíon.
Is é an euro an t-airgeadra nua i gcás mórchuid de mhuintir na hEorpa. I gcaitheamh na ndeich mbliana sin ghlac tuilleadh tíortha an euro. An 11 Meán Fómhair 2001, dáta nach féidir a scaradh ón ‘gCogadh in Éadan na Sceimhlitheoireachta’ nuair a tiomáineadh aerlínéir fhuadaithe isteach i bhfoirgnimh i Nua-Eabhrac agus Washington. Thosaigh tíortha an Aontais Eorpaigh ag obair i ndlúthpháirtíocht le chéile chun an choireacht a chomhrac. Fógraíodh go raibh na deighiltí polaitiúla idir oirthear agus iarthar na hEorpa leigheasta ar deireadh tráth a tháinig 10 dtír nua isteach san Aontas Eorpach in 2004, agus ina ndiaidh, in 2007, an Bhulgáir agus an Rómáin. Bhuail géarchéim airgeadais an geilleagar domhanda i Meán Fómhair 2008. Dhaingnigh tíortha uile an Aontais Eorpaigh Conradh Liospóin agus tháinig sé i bhfeidhm in 2009. Dá bharr sin, bhíothas in ann institiúidí nua-aoiseacha agus modhanna oibre éifeachtúla a chur ar bun don Aontas Eorpach.
Bhuail an ghéarchéim eacnamaíoch dhomhanda buile trom ar an Eoraip. Chuidigh an tAontas Eorpach le cuid mhór tíortha aghaidh a thabhairt ar a gcuid deacrachtaí agus bhunaigh sé 'an tAontas Baincéireachta' chun bainc níos sábháilte agus níos iontaofa a chinntiú. I Nollaig 2012, bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach. Tháinig an Chróit isteach san Aontas Eorpach in 2013 – an 28ú Ballstát. Bhí an t-athrú aeráide go hard ar liosta tosaíochtaí an chláir oibre go fóill agus tháinig ceannairí ar chomhaontú chun astaíochtaí dochracha a laghdú. Bhí na toghcháin Eorpacha ann in 2014, tráth a toghadh tuilleadh Eoraisceipteach go Parlaimint na hEorpa. Bunaíodh beartas nua slándála tar éis don Rúis an Chrimé a ghabháil isteach inti féin. I ngeall ar chorraíl agus cogaí i dtíortha éagsúla, bíonn ar go leor daoine teitheadh óna dtithe agus dídean a lorg san Eoraip. Is é an dúshlán atá roimh an Eoraip conas aire a thabhairt dóibh agus, san am céanna, a leas a chosaint agus meas a léiriú dá gcearta.