European Union website, the official EU website

An Eoraip gan teorainneacha

An Eoraip gan teorainneacha

1990 | 1991 | 1992 | 1993 | 1994 | 1995 | 1996 | 1997 | 1998 | 1999

An Eoraip gan teorainneacha

Le cliseadh an chumannachais ar fud lár agus oirthear na hEorpa, d'éirigh muintir uile na hEorpa níos gaire dá chéile. Tugadh an Margadh Aonair chun críche i 1993 nuair a baineadh amach na ‘ceithre shaoirse’, mar atá: saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus airgid. Is i gcaitheamh na 1990idí a tugadh dhá chonradh i gcrích freisin: Conradh 'Maastricht’ ar an Aontas Eorpach i 1993 agus Conradh Amstardam i 1999. Conas an comhshaol a chosaint agus conas a d'fhéadfadh Eorpaigh dul i gcomhar le chéile ar cheisteanna slándála agus cosanta, sin iad na hábhair a bhí ag déanamh imní don phobal san am. I 1995 tháinig trí Bhallstát nua isteach san Aontas Eorpach: an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn. As Schengen, sráidbhaile beag i Lucsamburg, a ainmníodh na comhaontuithe lenar tugadh cead, diaidh ar ndiaidh, do dhaoine a bheith ag dul ó thír go chéile gan pas a thaispeáint ag na teorainneacha. Le tacaíocht an Aontais Eorpaigh thosaigh daoine óga ag dul i mbun staidéir i dtíortha eile, rud atá déanta ag na milliúin duine faoin am seo. D'éirigh an chumarsáid níos fusa de réir mar a thosaigh tuilleadh daoine ag baint úsáide as fóin phóca agus as an idirlíon.

1991

Sna Balcáin, thosaigh an Iúgslaiv ag scoilt ó chéile. Bhris trodaíocht amach sa Chróit ar dtús, ansin sa Bhoisnia agus Heirseagaivéin, áit a raibh cogadh fuilteach cathartha ar bun idir na Seirbiaigh, na Crótaigh agus na Moslamaigh.

7 Feabhra 1992

Síníodh an Conradh ar an Aontas Eorpach i Maastricht na hÍsiltíre. Cloch mhíle thábhachtach i stair an Aontais Eorpaigh is ea é seo, arae leagadh síos trína bhíthin rialacha soiléire don am a bhí le teacht maidir leis an airgeadra aonair, maidir le gnóthaí eachtracha agus slándála agus maidir le comhar níos dlúithe i ngnóthaí ceartais agus baile. Faoin gconradh seo glacadh go hoifigiúil leis an ainm ‘Aontas Eorpach’ in ionad ‘Comhphobal Eorpach’.

1 Eanáir 1993

Bunaíodh an margadh aonair agus tháinig ar an saol na ceithre shaoirse a ghabhann leis: saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus airgid. Comhaontaíodh breis is 200 dlí ó bhí 1986 ann, dlíthe a phléigh le beartas cánach, le rialacháin ghnó, le cáilíochtaí gairmiúla agus le nithe eile is féidir a bheith ina mbacainn roimh theorainneacha oscailte. Cuireadh moill ar shaorghluaiseacht i dtaca le roinnt seirbhísí.

1 Eanáir 1995

Tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach san Aontas Eorpach. Bhí 15 Bhallstát san Aontas faoin tráth seo, an chuid is mó de thíortha Iarthar na hEorpa.

Na Ballstáit Na Ballstáit: an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg, Lucsamburg, an Danmhairg, Éire, an Ríocht Aontaithe, an Ghréig, an Spáinn agus an Phortaingéil.

Na Ballstáit nuaNa Ballstáit nua: an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn.

Léarscáil – Ballstáit an Aontais Eorpaigh 1995 © Stefan Chabluk 

Liosta de Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh agus an dáta a tháinig siad isteach

26 Márta 1995

Tháinig Comhaontú Schengen i bhfeidhm i seacht dtír, mar atá an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Phortaingéil. Bhí cead ag taistealaithe de náisiúntacht ar bith taisteal ó cheann ar bith de na tíortha sin go ceann ar bith eile díobh gan dul faoi rialú pasanna ag na teorainneacha. Tháinig tíortha eile isteach i limistéar Schengen ó shin, limistéar saor ó phasanna.

17 Meitheamh 1997

Síníodh Conradh Amstardam. Leis an gconradh sin, tógadh ar an méid a baineadh amach le conradh Maastricht agus leagadh síos pleananna chun institiúidí an Aontais a athchóiriú, chun guth níos láidre a thabhairt don Eoraip sa domhan agus chun tuilleadh acmhainní a dhíriú ar fhostaíocht agus ar chearta na saoránach.

13 Nollaig 1997

Chinn ceannairí an Aontais Eorpaigh tús a chur le hidirbheartaíocht féachaint Ballstát a dhéanamh de 10 gcinn de thíortha i lár agus in oirthear na hEorpa, mar atá: an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin. Bhí dhá oileán sa Mheánmhuir, is é sin an Chipir agus Málta, san áireamh chomh maith. In 2000, rinneadh athruithe ar Chonradh Nice, rud a réitigh an bealach do mhéadú a dhéanamh trí rialacha vótála an Aontais Eorpaigh a leasú.

1 Eanáir 1999

Tugadh an euro isteach i 11 thír (agus an Ghréig ina dteannta in 2001), le haghaidh idirbhearta tráchtála agus airgeadais amháin. Bhí nótaí agus boinn le teacht isteach níos déanaí. Is iad seo a leanas na tíortha arbh é an euro a n-airgeadra an tráth sin: an Bheilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil agus an Fhionlainn. Chinn an Danmhairg, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe gan glacadh leis an euro go fóill.

Amach sna 1990idí

Thosaigh fóin phóca agus an t-idirlíon ag athrú an dóigh a ndéanaimid cumarsáid le chéile. Teicneolaíocht Eorpach atá ar chúl an dá rud sin. Thosaigh daoine óga ag taisteal níos minice agus ba mhinic mic léinn ag glacadh 'briseadh bliana' chun an domhain a shiúl, agus ríomhphost á n-úsáid acu lena linn chun coinneáil i dteagmháil.

1990 | 1991 | 1992 | 1993 | 1994 | 1995 | 1996 | 1997 | 1998 | 1999
Féach freisin: