Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Stair an Aontais Eorpaigh 1970-79

Comhphobal ag fás – tráth ar tháinig na chéad bhaill nua isteach

Tháinig an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe isteach sna Comhphobail Eorpacha an 1 Eanáir 1973, rud a d’fhág go raibh naoi mBallstát iontu. Tháinig géarchéim fuinnimh agus fadhbanna eacnamaíocha san Eoraip as an gcogadh idir tíortha Arabacha agus Iosrael a fearadh i nDeireadh Fómhair 1973.

Scaip an daonlathas san Eoraip tráth ar cuireadh na deachtóireachtaí sa Ghréig, sa Phortaingéil agus sa Spáinn as cumhacht. Faoin mbeartas réigiúnach tosaíodh ag aistriú suimeanna ollmhóra airgid chun fostaíocht a chruthú sna ceantair bhochta. Is in 1979 a reáchtáladh na chéad toghcháin dhíreacha inar chaith saoránaigh vótaí do bhaill Pharlaimint na hEorpa.

Na 1970idí – Aird ar chosaint an chomhshaoil

Thug na comhphobail Eorpacha isteach dlíthe chun an comhshaol a chosaint, cuir i gcás an coincheap nua ‘íoc mar a thruaillítear’. Bunaíodh cuid mhór eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil.

1 Eanáir 1973 – Méadú ó 6 go 9 mballstát

Bhí naoi mballstát ann, san áit a raibh sé cinn roimhe, nuair a tháinig an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe isteach sna Comhphobail Eorpacha go foirmiúil.

1973 – Bhuail géarchéim ola an Eoraip

I ndiaidh cogadh idir na tíortha Arabacha agus Iosrael i mí Dheireadh Fómhair, chuir tíortha a bhí ag táirgeadh ola méadú mór ar phraghsanna agus srian ar dhíolacháin le tíortha Eorpacha áirithe. Dá thoradh sin cruthaíodh fadhbanna eacnamaíocha ar fud an Aontais CEE.

10 Nollaig 1974 – Éagothromaíochtaí idir na réigiúin a laghdú

D’fhonn a ndlúthpháirtíocht a thaispeáint, d’aontaigh ceannairí an CEE mórchiste nua faoi bheartas réigiúnach an Aontais. Ba é ba chuspóir dó airgead a aistriú ó réigiúin shaibhre go réigiúin bhochta – chun bonneagar a fheabhsú, infheistíocht a mhealladh agus fostaíocht a chruthú. Cuireadh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ar bun an bhliain dár gcionn.

1974-75 – Rinneadh tíortha nuadhaonlathacha den Phortaingéil, den Ghréig agus den Spáinn

Trí ní a chuir deireadh le deachtóireachtaí san Eoraip – treascairt réimeas Salazar sa Phortaingéil agus cliseadh an smachta mhíleata sa Ghréig in 1974, agus bás Ghinearál Franco na Spáinne in 1975. Gheall na trí thír sin rialtais dhaonlathacha a chur i bhfeidhm – ba chéim thábhachtach chun tosaigh é sin agus iad ag ullmhú chun ballraíocht sna Comhphobail Eorpacha a bhaint amach.

Meitheamh 1979 – Na chéad toghcháin dhíreacha chuig Parlaimint na hEorpa

Rinne saoránaigh na hEorpa baill Pharlaimint na hEorpa a thoghadh go díreach den chéad uair. Roimhe sin ba iad na parlaimintí náisiúnta a tharmligeadh na baill. Bíonn baill rangaithe de réir grúpaí polaitiúla uile-Eorpacha, seachas de réir toscaireachtaí náisiúnta.