an tAontas Eorpach

Tréimhse ina raibh an geilleagar ag fás

Tréimhse ina raibh an geilleagar ag fás


1960 | 1961 | 1962 | 1963 | 1964 | 1965 | 1966 | 1967 | 1968 | 1969

Tréimhse fáis eacnamaíoch

Tréimhse mhaith a bhí ann sna 1960idí, rud a chuidigh go mór leis an ngeilleagar, agus ceann de na cúiseanna a bhí sin amhlaidh gur chuir tíortha an Aontais Eorpaigh deireadh le bheith ag gearradh dleachtanna custaim ar a chéile. Chinn siad freisin táirgeadh bia a rialú go comhpháirteach, ionas go mbeadh go leor le hithe ag gach duine; agus níorbh fhada ina dhiaidh sin go raibh barrachas de tháirgí talmhaíochta ann fiú. D'éirigh 1968 cáiliúil as círéibeacha na mac léinn i bPáras, agus is iomaí athrú sa tsochaí agus in iompar daoine a shamhlaítear le 'glúin '68', mar a thugtar uirthi.

13 Lúnasa 1961

Thosaigh na húdaráis chumannacha sa Ghearmáin Thoir ag tógáil balla trí Bheirlín chun cosc a chur ar a gcuid saoránach éalú go dtí an tIarthar, áit a mbeadh níos mó saoirse acu. D'éirigh le roinnt daoine éalú mar sin féin; lámhach na gardaí daoine eile san éacht.

30 Iúil 1962

Sheol an tAontas Eorpach an ‘comhbheartas talmhaíochta’ rud a thug rialú comhphairteach isteach maidir le táirgeadh bia do na Ballstáit. Tosaíodh ar a bheith ag íoc an phraghais chéanna d’fheirmeoirí as a gcuid earraí. Faoin am seo bhí go leor bia á tháirgeadh san Aontas Eorpach chun riar ar a riachtanais féin agus bhí feirmeoirí ag fáil íocaíocht mhaith freisin. Ach tháinig as sin rud nach raibh á lorg, mar a bhí sléibhte bia de bharrachas earraí ann. Sna 1990idí rinneadh tosaíocht de bharrachais a chiorrú agus de cháilíocht bia a ardú, agus tá sin amhlaidh fós.

20 Iúil 1963

Shínigh an tAontas Eorpach comhaontú mór idirnáisiúnta den chéad uair, comhaontú arb é ab aidhm dó cuidiú le hocht gcinn déag de thíortha san Afraic a bhí ina gcoilíneachtaí tráth. Faoi 2015 bhí comhpháirtíocht speisialta aige le 79 dtír san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin. Is é an tAontas Eorpach an soláthraí de chúnamh forbartha is mó ar domhan do thíortha nach bhfuil chomh saibhir céanna. Tá deonadh an chúnaimh sin faoi réir lucht a fhaighte cearta an duine a urramú.

Bealtaine 1968

Bhain círéibeacha na mac léinn agus na n-oibrithe sa Fhrainc i mí Bealtaine 1968 croitheadh as an Stát ó bhun go barr. Bhí agóidí ag mic léinn i mBallstáit eile den Aontas, ach ní raibh siad chomh tromchúiseach céanna le círéibeacha na Fraince. Ba léiriú na hagóidí sin ar an bhfrustrachas a bhí ar dhaoine mar gheall ar a gcuid ceannairí a bheith coimhthíoch leo agus beag beann orthu, ach chomh maith leis sin, agóidí a bhí iontu in aghaidh an chogaidh i Vítneam agus rás na n-arm núicléach.

1 Iúil 1968

Chuir na sé thír a bhunaigh an tAontas deireadh le dleachtanna custaim ar easpórtálacha ó chéile, rud a d'fhág go raibh siad in ann trádáil trasteorann saor ó bhac a dhéanamh den chéad uair. Ina theannta sin chuir siad go léir na dleachtanna céanna i bhfeidhm ar a gcuid iompórtálacha ó thíortha eile. Agus sin mar a tháinig an grúpa trádála is mó ar domhan ar an saol. D'fhás an trádáil go tapa idir na sé náisiún agus idir an tAontas Eorpach agus an chuid eile den domhan.

Lúnasa 1968

Rop tancanna Sóivéadacha isteach i bPrág i mí Lúnasa 1968 chun ‘earrach Phrág’, an daonlathas nuabheirthe sa tSeicslóvaic, a chur faoi chois. Agus an tír faoi fhorghabháil ag breis is 600,000 saighdiúir ní raibh sé ar chumas na Seiceach agus na Slóvacach cur i gcoinne an ionraidh.

20 Iúil 1969

Thuirling an roicéad Meiriceánach Apollo 11 ar an ngealach. Ba é Neil Armstrong an chéad duine a leag cos ar an ngealach, agus ba é Buzz Aldrin an dara duine. An tríú spásaire den mheitheal sin, Michael Collins, d'fhan sé sa phríomh-spásárthach agus é ar diathair.

1960 | 1961 | 1962 | 1963 | 1964 | 1965 | 1966 | 1967 | 1968 | 1969
Féach freisin: