an tAontas Eorpach

Ag cur fút san AE

Ag cur fút san AE

Tá gach tír den AE éagsúil. Ciallaíonn sin gur féidir éagsúlachtaí móra a bheith ann, ó thaobh na holltáirgeachta intíre (OTI) agus fáis daonra de mar shampla, ó thír go chéile. Tá a cur chuige féin ag gach tír freisin maidir le réimsí tábhachtacha beartais ar nós an oideachais.

Méid agus daonra

Tá méid níos mó ná 4 mhilliún km² san AE agus tá 446 milliún daoine ina gcónaí ann — is é sin an tríú daonra is mó ar domhan i ndiaidh na Síne agus na hIndia. De réir achair, is í an Fhrainc an tír is mó san AE agus is é Málta an tír is lú.

Achar

Foinse: Eurostat

Daonra

Foinse: Eurostat

Tá daonra na hEorpa ag dul i méad de bharr fáis nádúrtha (beirtear níos mó daoine in aghaidh na bliana ná mar a fhaigheann bás) agus de bharr an ghlanráta imirce (tagann níos mó daoine chun cónaithe san AE ná mar a fhágann é).

Ag an am céanna, tá daonra na hEorpa ag dul in aois toisc go bhfuil an t-ionchas saoil ag méadú agus go bhfuil níos lú páistí ag teacht ar an saol.

Cáilíocht na beatha

Is féidir caighdeáin mhaireachtála a chur i gcomparáid le chéile tríd an bpraghas atá ar raon earraí agus seirbhísí i ngach tír a thomhas i gcoibhneas le hioncam, ag usáid airgeadra barúlach coitianta ar a dtugtar an caighdeán cumhachta ceannaigh (CCC). Ach OTI in aghaidh an duine sa CCC a chur i gcomparáid le chéile tugtar léargas ar chaighdeáin mhaireachtála ar fud an AE.

Foinse: Eurostat

Bíonn an AE ar a dhícheall caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú tríd an gcomhshaol a chosaint, cruthú post a spreagadh, éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus trí cheantair a bhí iargúlta a nascadh trí infreastruchtúr trasteorann a fhorbairt.

 

Níl aon sonraí ar fáil i gcás roinnt tíortha agus/nó earnálacha

Foinse: Eurostat

Oideachas

Cuireann oideachas le scileanna an fhórsa oibre agus dá bhrí sin is fearr atá siad ábalta dul i ngleic le hiomaíocht idirnáisiúnta atá ag dul i méad. Ní hionann an méid airgid a chaitheann gach tír ar oideachas.
Spreagann an AE daoine chun tréimhse a chaitheamh thar lear mar chuid dá n-oideachas. Is chuige sin an clár ERASMUS, clár malartaithe mac léinn a bhfuil ag éirí go fíormhaith leis.

Níl aon sonraí ar fáil i gcás roinnt tíortha agus/nó earnálacha

Foinse: Eurostat

Teangacha

Tá an tábhacht a bhaineann le scileanna teanga ag dul i méid, de réir mar atá an domhandú dár gcur i dteagmháil níos mó le daoine ó thíortha eile. Cuireann an AE chun cinn go fuinnúil sealbhú scileanna teanga ó aois óg.

Níl aon sonraí ar fáil i gcás roinnt tíortha agus/nó earnálacha

Foinse: Eurostat

Back to top