Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Fíricí agus figiúirí i dtaobh gheilleagar an Aontais Eorpaigh

Cé chomh mór is atá geilleagar an Aontais Eorpaigh?

Feidhmíonn an tAontas Eorpach mar mhargadh aonair ina bhfuil 27 dtír.

€14.5 trilliún, sin luach iomlán na n-earraí agus na seirbhísí a táirgeadh (olltáirgeacht intíre nó OTI) san Aontas in 2021.

Trádáil

Is le AE27 a bhaineann timpeall 14% den trádáil dhomhanda in earraí. An tAontas Eorpach, an tSín agus na Stáit Aontaithe, sin iad na trí ghníomhaí is mó sa trádáil idirnáisiúnta.

 

Foinse: Eurostat

 

 In 2021 is leis an Aontas a bhain €4,300 billiún den trádáil dhomhanda iomlán. €6,786 bhilliún, sin an luach a bhí ar an trádáil laistigh den Aontas in 2021.

Tuilleadh eolais faoin trádáil laistigh den Aontas

Fostaíocht agus comhionannas

Is é atá sa ráta fostaíochta an sciar den daonra in aois oibre atá fostaithe.

 

Foinse: Eurostat

 

Is é atá sa ráta dífhostaíochta líon na ndaoine dífhostaithe mar chéatadán den lucht saothair iomlán. Príomhtháscairí de threochtaí sa mhargadh saothair is ea iad an ráta dífhostaíochta agus méid an lucht saothair.

Foinse: Eurostat

 

Is é atá sa bhearna phá neamhchoigeartaithe idir na hinscní an difríocht idir an meán-olltuilleamh a fhaigheann fostaithe fireanna agus fostaithe baineanna in aghaidh na huaire. Léirítear é mar chéatadán de mheán-olltuilleamh na bhfostaithe fireann in aghaidh na huaire. Tá sé bunaithe ar gach fostaí atá ag obair i ngnólachtaí a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu.

Foinse: Eurostat