an tAontas Eorpach

Riarachán an AE - foireann, teangacha agus suíomh

Riarachán an AE - foireann, teangacha agus suíomh

Caitheann an AE tuairim is 6% dá bhuiséad bliantúil ar fhoireann, ar riarachán agus ar chothabháil fhoirgnimh an AE.

Foireann

Tá an Coimisiún Eorpach roinnte i ranna ar a dtugtar Ard-stiúrthóireachtaí (A-Snna), arb ionann iad agus aireachtaí, nó geall leis. Cumhdaíonn gach ceann díobh réimse beartais nó seirbhís ar leith, ar nós na trádála nó an chomhshaoil, agus é faoi cheannas Ard-Stiúrthóra a thuairiscíonn don Choimisinéir. Fostaíonn an Coimisiún Eorpach tuairim is 32 000 duine.

I bParlaimint na hEorpa tá tuairim agus 7 500 duine ag obair san ardrúnaíocht agus sna grúpaí polaitiúla. In éineacht leo tá Feisirí na Parlaiminte agus foireann na bhFeisirí. I gComhairle an Aontais Eorpaigh, oibríonn tuairim is 3 500 duine sa rúnaíocht ghinearálta.

Teangacha

24 theanga oifigiúil atá ag an AE.

Thart ar 4300 aistritheoir agus 800 ateangaire atá fostaithe ar buanchonradh ag institiúidí an Aontais Eorpaigh. Is ionann costas measta na seirbhísí teanga go léir (aistriúchán agus ateangaireacht) i ngach ceann d'institiúidí an Aontais Eorpaigh agus níos lú ná 1% de bhuiséad ginearálta bliantúil an Aontais Eorpaigh. Má roinntear an costas sin ar dhaonra an Aontais, is ionann sin agus thart ar €2 in aghaidh an duine in aghaidh na bliana.

Suímh

Tá formhór an Choimisiúin Eorpaigh lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Tá oifigí aige chomh maith ar fud an AE, agus oifigí (ar a dtugtar ‘toscaireachtaí’) lasmuigh den AE. Bunaíodh gníomhaireachtaí i mórchuid tíortha den AE chun déileáil le cúraimí teicniúla, eolaíocha agus bainisteoireachta ar leith. Mar shampla, soláthraíonn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia san Iodáil comhairle eolaíoch neamhspleách ar gach rud a bhaineann le sábháilteacht bhia.
Tionólann Parlaimint na hEorpa a cuid cruinnithe Coiste sa Bhruiséil agus a seisiúin iomlánacha sa Bhruiséil agus i Strasbourg. Tá an fhoireann riaracháin suite i Lucsamburg. Seolann sí toscaireachtaí go rialta chuig réigiúin lasmuigh den AE.

Sa Bhruiséil atá foirgnimh na Comhairle, ina dtionóltar formhór a cuid cruinnithe. Anois is arís, tionóltar cruinnithe ag Comhairle an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg. Sa Bhruiséil a thionóltar cruinnithe idir na ceannairí stáit agus rialtais – an Chomhairle Eorpach.

Back to top