- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Is é an euro an t-airgeadra oifigiúil atá ag naoi gcinn déag de 27 Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. In 2002 a tugadh an euro isteach, tar éis breis agus 40 bliain d’ullmhúcháin. Is iad an Banc Ceannais Eorpach agus an Coimisiún Eorpach a dhéanann cúram de luach agus cobhsaíocht an euro, agus is iad a leagann síos na critéir is gá do Bhallstát a chomhlíonadh chun teacht isteach sa limistéar euro.
Tá an t-airgeadra aonair ina chruthúnas ar chomhtháthú na hEorpa agus tá stair shonrach dearaidh, cur chun feidhme, agus beartas aige. Cé go bhfuil beagnach 20 bliain ann ó tharla an t-aistriú go dtí an euro , táthar fós in ann sean-nótaí agus seanbhoinn náisiúnta a mhalartú ar an airgeadra aonair Eorpach i roinnt tíortha.