Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Malartú airgeadra náisiúnta

Cathain is féidir leat seanairgeadra a mhalartú

Is féidir leat do sheanairgeadra náisiúnta a mhalartú saor in aisce le linn na tréimhse aistrithe go dtí an euro i do thír. I dtíortha áirithe tá teorann leis an tréimhse seo, i dtíortha eile níl aon teorainn léi.

Ón airgeadra náisiúnta go dtí an euro

Le linn phróiseas an aistrithe go dtí an euro, tarraingíonn an banc ceannais náisiúnta an t-airgeadra náisiúnta siar as cúrsaíocht de réir a chéile. Bíonn “tréimhse déchúrsaíochta” ann, ina mbíonn an euro agus an t-airgeadra náisiúnta araon i gcúrsaíocht mar airgead dlítháirgthe. Le linn na tréimhse sin, cabhraíonn miondíoltóirí le deireadh a chur leis an seanairgeadra trí shóinseáil a thabhairt in euro, agus is féidir le daoine an seanairgeadra a mhalartú ar euro sna bainc.

Airgeadra a mhalartú i mbainc mhiondíola

Is féidir an seanairgeadra a mhalartú ar euro sna bainc mhiondíola le linn na tréimhse déchúrsaíochta, agus uaireanta ar feadh tréimhse is faide ná sin. D’fhéadfadh teorainneacha ama a bheith ann, áfach, agus d’fheadfadh sé go ngearrfaí táillí as an malartú tar éis dhul in éag na teorann sin. D’fhéadfadh srian a bheith ann freisin ar na méideanna is féidir a mhalartú.

Airgeadra a mhalartú sna bainc cheannais

Is féidir an seanairgeadra a mhalartú sa bhanc ceannais ar feadh tréimhse i bhfad níos faide. Dála na mbanc miondíola, d’fhéadfadh an banc ceannais srian a chur le méid gach idirbhirt. Tá seans ann nach mbeidh tú in ann airgid tirim atá an-sean a mhalartú.

Na tréimhsí malairte sna Ballstáit

Banc ceannais náisiúnta Nótaí bainc go dtí Boinn go dtí
an Ostair Gan teorainn Gan teorainn
an Bheilg Gan teorainn Imithe in éag in 2004
an Chróit Gan teorainn 31 Nollaig 2025
an Chipir Imithe in éag in 2017 Imithe in éag in 2009
an Eastóin Gan teorainn Gan teorainn
an Fhionlainn Imithe in éag in 2012 Imithe in éag in 2012
an Fhrainc  Imithe in éag in 2012 Imithe in éag in 2005
an Ghearmáin Gan teorainn Gan teorainn
an Ghréig Imithe in éag in 2012 Imithe in éag in 2004
Éire Gan teorainn Gan teorainn
an Iodáil Imithe in éag in 2012 Imithe in éag in 2012
an Laitvia Gan teorainn Gan teorainn
an Liotuáin Gan teorainn Gan teorainn
Lucsamburg Gan teorainn Imithe in éag in 2004
Málta Imithe in éag in 2018 Imithe in éag in 2010
an Ísiltír 1 Eanáir 2032 Imithe in éag in 2007
an Phortaingéil Imithe in éag in 2022 Imithe in éag in 2002
an tSlóivéin Gan teorainn Imithe in éag in 2016
an tSlóvaic Gan teorainn Imithe in éag in 2013
an Spáinn Imithe in éag in 2020 Imithe in éag in 2020

 

Further information