an tAontas Eorpach

An tAontas Eorpach i mbeagán focal

An tAontas Eorpach i mbeagán focal

Spriocanna agus luachanna an Aontais Eorpaigh

Spriocanna

Is iad seo na spriocanna atá ag an Aontas Eorpach:

  • an tsíocháin, luachanna an Aontais agus dea-bhail na saoránach a chur chun cinn;
  • saoirse, slándáil agus ceartas a bheith ann laistigh de theorainneacha an Aontais;
  • forbairt inbhuanaithe agus í fothaithe ar fhás eacnamaíoch cothromúil agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar maille le lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, agus ar chosaint an chomhshaoil;
  • an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac;
  • dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn;
  • comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chur chun cinn;
  • saibhreas éagsúlacht chultúrtha agus teanga an Aontais a urramú;
  • aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhfuil an euro mar airgeadra aige a bhunú.

Luachanna

Is comhluachanna ag na Ballstáit luachanna an Aontais Eorpaigh i sochaí arb iad is sainairíonna inti an cuimsiú, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas agus an dlúthpháirtíocht. Is dlúthchuid den dóigh bheatha Eorpach na luachanna seo:

  • Dínit an duine
    Tá dínit an duine dosháraithe. Ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint agus is í is bonn, dáiríre, do na cearta bunúsacha.
  • Saoirsí
    Tá saoirse gluaiseachta ag gach saoránach, rud a thugann an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh den Aontas. Ar na saoirsí aonair atá cosanta faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh tá meas ar an saol príobháideach, saoirse smaoinimh, reiligiúin, comhthionóil agus saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.
  • Daonlathas
    Tá oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch. Tá cearta polaitiúla, freisin, ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh. Tá ag gach saoránach fásta den Aontas an ceart chun vótáil agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Tá sé de cheart acu vótáil agus seasamh mar iarrthóir sa Bhallstát ina gcónaíonn siad, nó sa Bhallstát ar dá thionscnamh iad.
  • Comhionannas
    Is é rud é comhionannas na cearta céanna a bheith ag gach saoránach os comhair an dlí. Tá prionsabal an chomhionannais idir mná agus fir mar bhonn le beartais uile an Aontais agus le comhtháthú na hEorpa. Tá feidhm aige i ngach réimse. Cuireadh prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann leis an gConradh in 1957. Cé go bhfuil neamh-chomhionannas fós ann, tá an-dul chun cinn sa réimse seo déanta ag an Aontas.
  • Smacht reachta
    Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar phrionsabal an smachta reachta. Tá gach rud a dhéanann an tAontas fothaithe ar chonarthaí, conarthaí lenar aontaigh na Ballstáit go toiliúil agus go daonlathach. Tá an dlí agus an ceartas faoi chosaint ag breithiúna neamhspleácha. Chinn na Ballstáit gur ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheadh an dlínse chríochnaitheach agus ní mór do gach saoránach breitheanna na Cúirte sin a urramú.
  • Cearta an duine
    Tá cearta an duine cosanta ag Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I measc na gceart sin tá an ceart chun a bheith saor ó idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, cine, tionscnamh eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, an tsaoirse chun sonraí pearsanta a chosaint, agus an ceart rochtain a fháil ar an gceartas.

Tá na spriocanna agus na luachanna sin mar bhonn leis an Aontas Eorpach agus tá siad leagtha amach i gConradh Liospóin agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

In 2012 bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach as an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip.

 

/european-union/file/47365_ga70-years-peace_ga.jpg

70 bliain den bhuansíocháin

Ó aontas eacnamaíoch go haontas polaitiúil

Aontas uathúil eacnamaíoch agus polaitiúil idir 28 dtír Eorpacha, a chuimsíonn formhór na mór-roinne, is ea an tAontas Eorpach.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda a bunaíodh an Comhphobal a bhí ann roimh an Aontas Eorpach. Ba é an chéad bheart a rinneadh comhar eacnamaíoch a spreagadh: measadh gur mó an seans go seachnódh tíortha an chogaíocht dá mbeidís i mbun trádála le chéile agus a ngeilleagair ag brath ar a chéile.

Ba é an Comhphobal Eacnamaíoch Eorpach (CEE), a bunaíodh in 1958, toradh na tuisceana sin agus mhéadaigh sé an comhar eacnamaíoch idir sé thír i dtús ama: an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg.

Tá dhá Bhallstát agus fiche eile a tháinig isteach ann ó shin i leith. Cruthaíodh margadh aonair ollmhór (ar a dtugtar 'an margadh inmheánach' freisin) agus leanfaidh an margadh sin de bheith ag fás agus ag forbairt go dtí go mbainfidh sé barr a chumais amach.

Aontas a bhí dírithe go hiomlán ar chúrsaí eacnamaíocha a bhí ann ar dtús, ach tháinig forbairt air go ndearnadh eagraíocht de a chuimsíonn a lán réimsí beartais, ón aeráid, an comhshaol agus sláinte go dtí an caidreamh seachtrach agus an tslándáil, an ceartas agus an imirce. In 1993 athraíodh an t-ainm ó 'Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE)' go 'an tAontas Eorpach' leis an athrú sin a léiriú.

Cobhsaíocht, airgeadra aonair, soghluaisteacht agus fás

A bhuí leis an Aontas Eorpach bhí níos mó ná leathchéad bliain de shíocháin, de chobhsaíocht agus de rathúlacht san Eoraip, chuidigh sé le feabhas a chur ar ár gcaighdeán maireachtála agus sheol sé airgeadra aonair Eorpach: an euro. Tá os cionn 340 milliún saoránach den Aontas i 19 dtír a úsáideann anois é mar airgeadra agus a bhaineann tairbhe as na buntáistí a thagann as.

Toisc go bhfuil deireadh curtha le rialuithe teorann idir Ballstáit, tá saorchead taistil ag daoine ar fhormhór na mór-roinne. Agus tá cúrsaí saoil, oibre agus taistil thar lear san Eoraip níos éasca ná riamh. Tá an ceart agus an tsaoirse ag gach saoránach den Aontas an tír a roghnú inar mian leis dul ag staidéar, ag obair nó ar scor. Tá sé de dhualgas ar gach Ballstát caitheamh le saoránaigh na mBallstát eile ar an gcaoi chéanna agus a chaitheann siad lena gcuid saoránach féin a fhad a bhaineann le fostaíocht, slándáil shóisialta agus cáin.

Is é an margadh aonair príomhinneall eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. Fágann sé go mbíonn saorchúrsaíocht ann i bhformhór na gcásanna d'earraí, do sheirbhísí, d'airgead agus do daoine. Tá súil ag an Aontas an acmhainn ollmhór seo a fhorbairt i réimsí eile freisin, amhail fuinneamh, eolas agus margaí caipitil, ionas go mbainfidh muintir na hEorpa an tairbhe is mó aisti.

Institiúidí trédhearcacha agus daonlathacha

Tá an tAontas Eorpach chomh dírithe agus a bhí riamh ar na hinstitiúidí lena rialaítear é a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos daonlathaí. Tugadh níos mó cumhachta do Pharlaimint na hEorpa a thoghtar go díreach, agus tá ról níos mó ag na parlaimintí náisiúnta, ag obair dóibh i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha. Dá réir sin, bítear de shíor ag méadú ar líon na mbealaí atá ag saoránaigh na hEorpa le páirt a ghlacadh sa phróiseas polaitiúil.

Tá córas rialaithe an Aontais Eorpaigh bunaithe ar phrionsabal an daonlathais ionadaíoch, agus tá ionadaíocht dhíreach ag na saoránaigh ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa agus ionadaíocht ag na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle an Aontais Eorpaigh.

Back to top