- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Is saoránaigh den Aontas Eorpach iad náisiúnaigh ar fad thíortha an Aontais. Tá cearta agus freagrachtaí tábhachtacha breise agatsa de bhrí gur shaoránach den Aontas Eorpach thú.
Tá na cearta seo leagtha amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 18) agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha (Caibidil V).
An dteastaíonn cabhair uait do chearta a fheidhmiú?
Chun feasacht faoi shaoránacht an Aontais Eorpaigh a mhúscailt i measc an phobail agus na n-údarás náisiúnta, foilsíonn an Coimisiún go tréimhsiúil Tuarascáil ar Shaoránacht an Aontais Eorpaigh.
Achoimrí ar reachtaíocht an Aontais i réimse shaoránacht an Aontais
Mar shaoránach den Aontas Eorpach, tá an ceart agat cónaí a aistriú agus cónaí a dhéanamh laistigh den Aontas gan idirdhealú i do choinne ar bhonn do náisiúntachta.
Féadfaidh tú cur fút in aon tír san Aontas a fhad is a chomhlíonann tú coinníollacha áirithe, agus tá na coinníollacha sin ag brath ar cé acu atá tú ag obair, ag cónaí, etc. sa tír i gceist.
Tá an ceart ag gach saoránach den Aontas Eorpach vótáil agus seasamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin áitiúla sa Bhallstát ina bhfuil sé ag cur fúthu, ar na coinníollacha céanna le náisiúnaigh na tíre sin.
Féadfaidh tú achainí ar Pharlaimint na hEorpa i dtaca le riachtanas nó gearán pearsanta, nó le ceist a bhaineann le leas an phobail. Caithfidh an t-ábhar a bheith faoi chúram an Aontais Eorpaigh (i.e. ní féidir ábhar a chinntear ar leibhéal áitiúil nó náisiúnta a bheith ann) agus caithfidh baint dhíreach a bheith aige leatsa.
Is féidir gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach maidir le mí-iompar institiúide nó comhlachta den Aontas Eorpach.
Is féidir leat dul i dteagmháil go díreach le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus le comhlachtaí comhairleacha an Aontais freisin, agus tá tú i dteideal freagra in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.
Má tá cabhair de dhíth ort i dtír nach bhfuil san Aontas Eorpach, toisc gur saoránach den Aontas tú tá tú i dteideal cosaint chonsalach ó ambasáid nó ó chonsalacht tíre ar bith eile den Aontas más rud é nach bhfuil ambasáid ná consalacht ag do thírse sa tír áirithe sin.
Is féidir leat cúnamh a iarraidh i gcásanna amhail bás, timpiste nó tinneas, gabháil nó coimeád, coir fhoréigneach agus aisdúichiú.
Faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, is féidir leat achainí a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh reachtaíocht a ullmhú. Ní foláir do mhilliún duine ar a laghad ón gceathrú cuid de thíortha an Aontais ar a laghad (sin 7 dtír faoi láthair) an achainí a shíniú.
Is í an Chairt um Chearta Bunúsacha a chuimsíonn na cearta pearsanta, sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta uile atá ag daoine laistigh den Aontais.
Níl seo ar fáil i do theanga.
Aiseolas ó na mílte saoránach agus eagraíocht as gach cearn den Aontas, is é sin a mhúnlaigh rialacha nua an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Is tionscnaimh iad a éilíonn athruithe coincréiteacha ar dhlíthe an Aontais, agus a bhuí leis na rialacha nua, beidh sé níos éasca ná riamh tionscnaimh ó na saoránaigh a sheoladh nó tacú le ceann atá ann cheana.