Is iad seo a leanas na foinsí ioncaim atá ag an Aontas Eorpach: ranníocaíochtaí na mBallstát; dleachtanna iompórtála ar tháirgí a thagann isteach san Aontas; ranníocaíocht nua atá bunaithe ar dhramhaíl neamh-athchúrsáilte ó phacáistiú plaisteach; agus fíneálacha a ghearrtar ar ghnólachtaí nuair nach gcomhlíonann siad rialacha an Aontais. Roinnt blianta sula dtagann an buiséad i bhfeidhm, cinneann na Ballstáit méid an bhuiséid agus an áit as a dtiocfaidh an t-airgead.
Maidir le buiséad an Aontais,
- déantar é a mhaoiniú den chuid is mó ó acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh, agus úsáidtear foinsí eile ioncaim chun cur leis
- bunaítear é ar an bprionsabal go gcaithfidh cothromaíocht a bheith ann idir an caiteachas agus an t-ioncam
Déantar buiséad an Aontais a mhaoiniú ó na foinsí seo a leanas:
- cion d’ollioncaim náisiúnta (OIN) na dtíortha go léir, é i gcomhréir lena shaibhir is atá siad
- dleachtanna custaim ar iompórtálacha a thagann isteach san Aontas
- cuid bheag den cháin bhreisluacha a bhailíonn gach Ballstát
- ó thús 2021, ranníocaíocht atá bunaithe ar an méid dramhaíola neamh-athchúrsáilte ó phacáistiú plaisteach i ngach Ballstát
- ioncam eile, ina measc ranníocaíochtaí ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad le cláir ar leith, ús ar íocaíochtaí agus fíneálacha déanacha, chomh maith le barrachas ar bith ón mbliain roimhe
Chun NextGenerationEU a mhaoiniú, déanfaidh an Coimisiún Eorpach cistí a thiomsú ar na margaí caipitil, ar cistí iad a n-aisíocfar thar thréimhse fhada go dtí 2058.