- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
A bhuí leis an leagan soléite
cuirtear faisnéis ar fáil sa chaoi go mbeidh
sé éasca do chách í a léamh agus a thuiscint.

© Lógó Leagain Sholéite na hEorpa: Inclusion Europe. Tuilleadh faisnéise: https://www.inclusion-europe.eu/easy-to-read/
Is éard atá san Aontas Eorpach ná grúpa de 27 dtír san Eoraip.
Tháinig na tíortha sin i gceann a chéile
chun gurbh fhearr, gurbh éasca agus gur shábháilte saol na ndaoine.
Shocraigh siad oibriú i gcomhar le chéile agus cuidiú le chéile.

Is tar éis don Eoraip dhá chogadh mhóra a chur di
a beartaíodh an tAontas Eorpach a chur ar bun.
Chonacthas do thíortha san Eoraip
gur fearr a bheith ga obair le chéile
seachas a bheith ag troid le chéile.

I dtosach ní raibh ach 6 thír san Eoraip a thosaigh ag obair le chéile.
Níorbh fhada go raibh níos mó tíortha san Eoraip ag dul i
bpáirt leis na tíortha sin
agus is amhlaidh a tháinig ann don Aontas Eorpach.
Sa lá atá inniu ann, tá 27 dtír san Aontas Eorpach,
is iad sin:
I Meitheamh 2016 shocraigh an Ríocht Aontaithe
ar éirí as a bheith san Aontas Eorpach.
Dá réir sin, ón 31 Eanáir 2020 ar aghaidh, ní bheidh
an Ríocht Aontaithe mar chuid den Aontas Eorpach a thuilleadh.

Oibríonn gach tír atá san Aontas Eorpach i gcomhar le chéile
chun féachaint chuige:

Tá roinnt luachanna tábhachtacha i gcoiteann
ag tíortha an Aontais Eorpaigh.
Mar shampla, féachann siad chuige gur mar a chéile
a chaitear le gach duine agus go n-urramaítear a gcearta.
Ó bunaíodh an tAontas Eorpach,
ní raibh aon chogadh idir na tíortha
atá ina mbaill den Aontas.
A bhuíochas leis an Aontas Eorpach,
is faoi shíocháin a oibríonn gach tír san Eoraip le chéile.
In 2012, bhuaigh an tAontas Eorpach duais mhór,
is é sin ‘Duais Nobel na Síochána’.
Bronnadh an duais sin ar an Aontas Eorpach as
feabhas a chuid oibre chun an tsíocháin a
choimeád san Eoraip.


A bhuíochas leis an Aontas Eorpach is amhlaidh is éasca ag daoine
dul ó thír go chéile gan bhac.
Is féidir leo cónaí, staidéar nó obair a dhéanamh
ina rogha tír san Aontas Eorpach.
Mar shampla, is féidir le duine as an bhFrainc
dul chun cónaithe san Iodáil agus a bheith ag obair ann.
Nó is féidir le mac léinn as an mBeilg dul go hollscoil sa Ghréig.

Is féidir le rudaí, seirbhísí agus airgead gluaiseacht gan bhac
ó thír go chéile san Aontas Eorpach freisin.
Is tábhachtach an ról atá ag an Aontas Eorpach ar fud an domhain ar
bhealaí go leor.
Mar shampla:
Is féidir le tír ballraíocht san Aontas Eorpach
a bhaint amach más rud é:

D’fhéadfadh tréimhse an-fhada a bheith i gceist.
Tá na tíortha seo ag féachaint le ballraíocht san Aontas Eorpach
a bhaint amach:
Chun ballraíocht san Aontas Eorpach a bhaint amach
ní mór do na tíortha sin
féachaint le dlíthe agus le luachanna uile an Aontais Eorpaigh
a chur i bhfeidhm ina dtír féin.
Is é an tAontas Eorpach a bhunaigh ‘Limistéar Schengen’.
Níl aon teorainneacha i Limistéar Schengen
Is féidir le daoine dul ó thír go chéile go héasca gan bhac ann
Níl acu dul trí sheiceálacha ná trí rialuithe teorann
agus iad ag dul ó thír go chéile.
A bhuíochas le Limistéar Schengen is éasca anois ag daoine
dul ag taisteal i gcomhair na hoibre nó na turasóireachta.
Bunaíodh Limistéar Schengen sa bhliain 1985.
Sa lá atá inniu ann tá 22 as 27 dtír an Aontais Eorpaigh
i Limistéar Schengen.
Is iad na tíortha sin ná:
Tá 4 thír lasmuigh den Aontas Eorpach
i limistéar Schengen chomh maith:
Ciallaíonn sé sin gur féidir le daoine taisteal go héasca gan bhac
ó thír amháin díobh sin go tír eile.
Fágann sin gurb éasca ag daoine cuairt a thabhairt ar aon tír acu sin
i gcomhair na turasóireachta nó na hoibre.

Tá a dteanga féin ag muintir gach tíre
san Aontas Eorpach.
Cosnaíonn an tAontas Eorpach an ceart atá ag saoránaigh
cumarsáid a dhéanamh ina dteanga féin.

Sin an fáth a gcuireann an tAontas Eorpach
gach faisnéis agus doiciméad tábhachtach ar fáil
i ngach teanga a labhraítear i dtíortha an Aontais:
Dá réir sin, bíonn teacht ag gach duine san Aontas Eorpach
ar fhaisnéis thábhachtach ina theanga féin
rud a fhágann gur féidir leis an fhaisnéis sin a thuiscint.
Is é an t-airgeadra céanna a úsáideann bunús na
formhór na dtíortha atá san Aontas Eorpach.
An ‘Euro’ a thugtar air.
Is cabhair é ag na tíortha gnó a dhéanamh le
chéile
go n-úsáidtear an t-airgeadra céanna.
Mar shampla, is féidir le daoine ón Spáinn
rudaí atá uathu ón mBeilg a cheannach
go héasca agus ní ghearrtar táillí breise orthu.
Is éasca ag daoine taisteal,
rudaí a cheannach ar líne ó thíortha eile,
agus níos mó roghanna a bheith acu
de thairbhe an t-airgeadra céanna a úsáid.
Tá an euro in úsáid faoi láthair ag 19 gcinn as 27 dtír an Aontais Eorpaigh. Is iad na tíortha sin ná:

Seo bratach an Aontais Eorpaigh:

Tá dath gorm ar bhratach an Aontais Eorpaigh
agus tá ciorcal de réaltaí óir uirthi.
Is siombail í go bhfuil tíortha an Aontais Eorpaigh
aontaithe agus go seasann siad le chéile.
Tá a fonn féin ag gach tír
lena léirítear na luachanna agus an cultúr atá ag an tír sin.
‘Aintiún’ a thugtar ar an bhfonn sin.
Tá a aintiún féin ag an Aontas Eorpach freisin.
In 1985 roghnaigh na daoine
a dhéanann cinntí san Aontas Eorpach
fonn le cumadóir an-tábhachtach
mar aintiún an Aontais Eorpaigh.
Ludwig van Beethoven an t-ainm atá ar an gcumadóir.
Léiríonn an fonn a thábhachtaí atá sé
go bhfuil gach duine saor, go bhfuil siad faoi shíocháin
agus go seasann siad le chéile.
Creideann an tAontas Eorpach sna luachanna sin
agus sin an fáth ar glacadh leis an bhfonn sin
mar aintiún an Aontais.

Is féidir éisteacht le haintiún an Aontais Eorpaigh ach cliceáil anseo.
Úsáideann an tAontas Eorpach an nath ‘aontaithe san éagsúlacht’
chun na luachanna atá aige a léiriú.
Is éard atá i gceist le bheith aontaithe san éagsúlacht:

Tá 3 phríomhchomhlacht ag an Aontas Eorpach:



Tá na 3 chomhlacht sin an-tábhachtach ag an Aontas Eorpach.
Oibríonn siad i ndlúthchomhar le chéile chun cúrsaí a fheabhsú san
Eoraip.
I measc na gcomhlachtaí eile atá tábhachtach ag an Aontas Eorpach tá:
Tá comhlachtaí eile ann de chuid an Aontais Eorpaigh
a bhfuil obair thábhachtach ar siúl acu freisin.
Mar shampla, tá comhlachtaí ann a bhfuil sé de chúram orthu:

Oibríonn na comhlachtaí sin go léir le chéile chun a chinntiú
go bhfuil an tAontas Eorpach ag obair mar is ceart ar son leas a phobail.
Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise
a fháil faoin Aontas Eorpach i do theanga féin.
Má tá aon cheist agat faoin Aontas Eorpach,
líon isteach an fhoirm ar líne anseo.
