- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Ní raibh an tAontas Eorpach chomh mór i gcónaí agus atá sé anois. Nuair a cuireadh tús le comhar eacnamaíoch idir tíortha na hEorpa i 1951, ní raibh ach an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír páirteach ann.
Le himeacht aimsire, chinn níos mó tíortha ballraíocht a fháil. 27 mBallstát atá san Aontas faoi láthair. Tharraing an Ríocht Aontaithe siar ón Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020.
| Bliain an aontachais | Tíortha |
|---|---|
|
01/01/1958 |
An Bheilg |
| An Fhrainc | |
| An Ghearmáin | |
| An Iodáil | |
| An Ísiltír | |
| Lucsamburg | |
| 01/01/1973 | An Danmhairg |
| Éire | |
| An Ríocht Aontaithe (d’imigh as an Aontas an 31 Eanáir 2020) | |
|
01/01/1981 |
An Ghréig |
| 01/01/1986 | An Phortaingéil |
| An Spáinn | |
| 01/01/1995 | An Fhionlainn |
| An Ostair | |
| An tSualainn | |
| 01/05/2004 | An Chipir |
| An Eastóin | |
| An Laitvia | |
| An Liotuáin | |
| Málta | |
| An Pholainn | |
| An tSeicia | |
| An tSlóivéin | |
| An tSlóvaic | |
| An Ungáir | |
| 01/01/2007 | An Bhulgáir |
| An Rómáin | |
| 01/07/2013 | An Chróit |
Tuairisc ghonta ar Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh
Is é an euro (€) airgeadra oifigiúil 19 as 27 mBallstát de chuid an Aontais. Glaoitear an Limistéar Euro ar an ngrúpa tíortha sin.
Cad iad na tíortha ina n-úsáidtear an euro?
Tá Limistéar Schengen ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Is limistéar é gan teorainneacha inmheánacha, limistéar inar féidir le saoránaigh, go leor daoine nach náisiúnaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad, lucht gnó agus turasóirí, gluaiseacht gan srian agus gan a bheith faoi réir seiceálacha teorann. Ó 1985 i leith, tháinig méadú ar an limistéar de réir a chéile agus cuimsíonn sé anois nach mór gach Ballstát agus roinnt tíortha comhlachaithe nach Ballstáit iad.
Cé gur cuireadh deireadh leis na teorainneacha inmheánacha i Limistéar Schengen, déantar rialú níos géire anois ag an teorainn choiteann sheachtrach ar bhonn rialacha Schengen chun slándáil na ndaoine atá ina gcónaí sa limistéar sin agus iad siúd a bhíonn ag taisteal ann a áirithiú.
Liosta na dtíortha i limistéar Schengen
Tuilleadh eolais faoi limistéar Schengen
Is próiseas casta nach féidir a chur i gcrích thar oíche é ballraíocht a bhaint amach san Aontas Eorpach. Nuair a chomhlíonann tír is iarrthóir na coinníollacha ballraíochta, is gá di rialacha agus rialacháin an Aontais a chur chun feidhme i ngach réimse.
Féadfaidh aon tír a shásaíonn na coinníollacha ballraíochta iarratas a dhéanamh. Ar na coinníollacha sin a dtugtar ‘critéir Chóbanhávan’ orthu, áirítear geilleagar saoriomaíochta, daonlathas cobhsaí agus riail an dlí mar aon le glacadh le gach cuid de reachtaíocht an Aontais, an euro san áireamh.
Cuireann tír a dteastaíonn uaithi teacht isteach san Aontas iarratas ballraíochta faoi bhráid na Comhairle; iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chumas na tíre is iarrthóir critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh. Más dearfach í tuairim an Choimisiúin, ní mór don Chomhairle sainordú caibidlíochta a aontú ansin. Cuirtear tús foirmiúil ansin le caibidlíochtaí ar bhonn ábhar i ndiaidh ábhair.
Is gá do gach tír is iarrthóir líon mór rialacha agus rialacháin de chuid an Aontais a ghlacadh mar dhlí náisiúnta agus, i ngeall air sin, tógann sé roinnt mhaith ama na caibidlíochtaí a chur i gcrích. Tugtar tacaíocht airgeadais, riaracháin agus theicniúil do na tíortha is iarrthóirí le linn na tréimhse réamh-aontachais seo.
Tá reachtaíocht an Aontais Eorpaigh á ‘trasuí’ (nó á comhtháthú) ina ndlí náisiúnta ag na tíortha seo a leanas:
Ní chomhlíonann na tíortha is iarrthóirí ionchasacha na ceanglais le haghaidh ballraíocht san Aontas Eorpach fós.
Tuilleadh i dtaobh mhéadú an Aontais Eorpaigh