Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forbhreathnú

Príomhchathair: Lucsamburg

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Fhraincis, an Ghearmáinis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 1958

Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 1999

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 26 Márta 1995

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Is monarcacht bhunreachtúil pharlaiminteach (Ard-Diúcacht) í Ard-Diúcacht Lucsamburg ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, agus ceann stáit, an tArd-Diúc, a bhfuil cearta foirmiúla amháin aige. Tá cumhacht feidhmiúcháin ag an rialtas. Gach 5 bliana a bhíonn na holltoghcháin. Toghtar 60 comhalta chuig comhlacht reachtaíochta ina bhfuil aon teach amháin, Teach na dTeachtaí. Tá an tír roinnte ina 4 réigiún toghcháin, 12 chantún riaracháin agus 105 chomún. Tá stádas cathrach ag 12 cheann de na comúin, agus cathair Lucsamburg an ceann is mó acu. Is ceann de thrí shuíomh oifigiúla institiúidí an Aontais Eorpaigh é Lucsamburg, in éineacht leis an mBruiséil agus Strasbourg. Tá trí theanga oifigiúla i Lucsamburg: an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Lucsambuirgis. Is teangacha oifigiúla de chuid an Aontais an chéad dá cheann acu sin.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar Lucsamburg in 2020: seirbhísí airgeadais agus árachais (25.1%), an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (14.9%) agus an córas riaracháin phoiblí, cúrsaí cosanta, oideachais, sláinte agus oibre sóisialta (17.5%).

Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 80% d’easpórtálacha Lucsamburg (an Ghearmáin 28 %, an Fhrainc 16% agus an Bheilg 12%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 3% díobh chun na Stát Aontaithe agus chun na Ríochta Aontaithe.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 89% ó Bhallstáit an Aontais (an Bheilg 34%, an Ghearmáin 27% agus an Fhrainc 11%), agus maidir le hallmhairí ó lasmuigh den Aontas, tagann 3% ó na Stáit Aontaithe agus 2% ón tSeapáin.

Lucsamburg san Aontas

Parlaimint na hEorpa

Tá 6 Fheisire ag Lucsamburg i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa i Lucsamburg

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas Lucsamburg i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram Lucsamburg lena linn:

Eanáir-Meitheamh 1960 | Eanáir-Meitheamh 1963 | Eanáir-Meitheamh 1966 | Eanáir-Meitheamh 1969 | Eanáir-Meitheamh 1972 | Eanáir-Meitheamh 1976 | Iúil-Nollaig 1980 | Iúil-Nollaig 1985 | Eanáir-Meitheamh 1991 | Iúil-Nollaig 1997 | Eanáir-Meitheamh 2005 | Iúil-Nollaig 2015

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is é Nicolas Schmit an Coimisinéir atá ainmnithe ag Lucsamburg chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí Post agus Ceart Sóisialta air.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin i Lucsamburg

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

5 ionadaí ag Lucsamburg ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Téann na hinstitiúidí i dteagmháil leis chun comhairle a fháil i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

5 ionadaí ag Lucsamburg ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Téann na hinstitiúidí i dteagmháil leis an gcoiste sin chun comhairle a fháil i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san AE i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas

Bíonn Lucsamburg i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aige sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid Lucsamburg chuig an Aontas’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann Lucsamburg?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine. 

Tuilleadh figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail i Lucsamburg a fuair maoiniú ón Aontas

An t-airgead a d'íoc Lucsamburg isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais – m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe do Lucsamburg.