Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forbhreathnú

Príomhchathair: Páras

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Fhraincis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 1958

Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 1999

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 26 Márta 1995

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Poblacht leath-uachtaránachta is ea an Fhrainc ag a bhfuil ceann rialtais, príomh-aire, arna cheapadh ag an uachtarán a thoghtar go díreach ina cheann stáit. Tá 18 réigiún riaracháin sa Fhrainc: 13 réigiún mheitreapholaiteacha (i.e. an Fhrainc Eorpach) agus 5 réigiún thar lear. Is cuid den Aontas iad gach ceann de na 5 réigiún thar lear, maille le Saint-Martin (críoch de chuid na Fraince sa Chairib), agus stádas réigiúin fhorimeallaigh acu. Tá Strasbourg, cathair sa Fhrainc, ar cheann de thrí shuíomh oifigiúla na n-institiúidí Eorpacha. Is iad an Bhruiséil agus cathair Lucsamburg an dá cheann eile.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Fraince in 2020: an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (23.4%), an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (16.4%) agus gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla; gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta (14.2%).

Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 54% d’easpórtálacha na Fraince (an Ghearmáin 15%, an Iodáil 8%, an Bheilg agus an Spáinn 7%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 8% díobh chun na Stát Aontaithe agus 6% chun na Ríochta Aontaithe.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 66% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 17%, an Fhrainc 10% agus an Ísiltír 9%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 7% ón tSín agus 5% ó na Stáit Aontaithe. 

An Fhrainc san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 79 bhFeisire ag an bhFrainc i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa sa Fhrainc

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Fraince i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Fraince lena linn:

Eanáir-Meitheamh 1959 | Eanáir-Meitheamh 1962 | Eanáir-Meitheamh 1965 | Eanáir-Meitheamh 1968 | Eanáir-Meitheamh 1971 | Iúil-Nollaig 1974 | Eanáir-Meitheamh 1979 | Eanáir-Meitheamh 1984 | Iúil-Nollaig 1989 | Eanáir-Meitheamh 1995 | Iúil-Nollaig 2000 | Eanáir-Meitheamh 2008 | Eanáir-Meitheamh 2022

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is é Thierry Breton an Coimisinéir atá ainmnithe ag an bhFrainc chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí an Mhargaidh Inmheánaigh air.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin sa Fhrainc

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

24 ionadaí ag an bhFrainc ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

24 ionadaí ag an bhFrainc ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an Fhrainc i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Fraince chuig an Aontas’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Fhrainc?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine. 

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail sa Fhrainc a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach 

An t-airgead a d'íoc an Fhrainc isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Fhrainc.