Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forbhreathnú

Príomhchathair: Heilsincí

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Fhionlainnis, an tSualainnis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 1995

Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 1999

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 25 Márta 2001

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

An córas polaitiúil

Poblacht pharlaiminteach í an Fhionlainn ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, agus ceann stáit, an t-uachtarán. Is i Heilsincí atá an rialtas láir lonnaithe agus is sna 309 bhardas (bailte agus cathracha) atá na rialtais áitiúla lonnaithe. Tá an tír roinnte ina 19 réigiún agus ina 70 fo-réigiún. Oileánra féinrialaithe san iardheisceart is ea an réigiún is lú, Åland. Sa réigiún ó thuaidh, an Laplainn, tá Ceantar Cónaithe na Sámach, ina bhfuil thart ar leathchuid de phobal dúchais na Fionlainne, na Sámaigh, ina gcónaí (ar a dtugtar Laplannaigh freisin).

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Fionlainne in 2020: an tionsclaíocht (20.3%), an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (20.6%), agus an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (14.0%).

Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 55% d’easpórtálacha na Fionlainne (an Ghearmáin 14%, an tSualainn 10% agus an Ísiltír 7%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 9% díobh chun na Stát Aontaithe agus 5% chun na Síne.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 72% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin agus an tSualainn 17% agus an Ísiltír 9 %) agus maidir le hompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 10% ón Rúis agus 4% ón tSín.

An Fhionlainn san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 14 Fheisire ag an bhFionlainn i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa san Fhionlainn

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Fionlainne i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a raibh /a mbeidh an uachtaránacht faoi chúram na Fionlainne lena linn:

Iúil-Nollaig 1999 | Iúil-Nollaig 2006 | Iúil-Nollaig 2019

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is í Jutta Urpilainen an Coimisinéir atá ainmnithe ag an bhFionlainn chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta uirthi.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin san Fhionlainn

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

9 n-ionadaí ag an bhFionlainn ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.https://data.ec.europa.eu/ewp/b1c61f24-7e9d-4865-bcbe-418afbc01c87

Coiste Eorpach na Réigiún

9 n-ionadaí ag an bhFionlainn ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an Fhionlainn i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Fionlainne chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas Eorpach.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Fhionlainn?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine. 

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail san Fhionlainn a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach

An t-airgead a d'íoc an Fhionlainn isteach i mbuiséad an Aontais Eorpaigh, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas Eorpach chun tairbhe don Fhionlainn.