- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Is comhlachtaí ar leithligh ó institiúidí an Aontais Eorpaigh iad gníomhaireachtaí seo an Aontais Eorpaigh – eintitis dhlíthiúla ar leithligh a cuireadh ar bun le cúraimí sonracha a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais.
Gníomhaireachtaí díláraithe
Gníomhaireachtaí an Chomhbheartais Chosanta agus Slándála
Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí EURATOM
Eagraíochtaí eileRannchuidíonn gníomhaireachtaí díláraithe le beartais an Aontais a chur i bhfeidhm. Tacaíonn siad freisin leis an gcomhar idir an tAontas agus rialtais náisiúnta trí shaineolas teicniúil agus speisealtóra a chomhthiomsú ó institiúidí an Aontais agus ó údaráis náisiúnta araon. Cuirtear gníomhaireachtaí díláraithe ar bun ar feadh tréimhse éiginnte ama agus tá siad lonnaithe ar fud an Aontais.
Tuilleadh eolais faoi ghníomhaireachtaí díláraithe
Tá gníomhaireachtaí curtha ar bun chun cúraimí teicniúla, eolaíochta agus bainistíochta ar leith a dhéanamh faoi chuimsiú an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta.
Cuireann an Coimisiún Eorpach gníomhaireachtaí feidhmiúcháin ar bun ar feadh tréimhse teoranta ama chun cúraimí sonracha a bhainistiú a bhaineann le cláir an Aontais.
Bunaíodh iad seo chun tacú le haidhmeanna an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach (EURATOM), arb iad: cláir náisiúnta um thaighde ar fhuinneamh núicléach a chomhordú agus, chun críoch síochánta eolas, infrastruchtúr agus maoiniú a chur ar fáil don fhuinneamh núicléach agus soláthairtí fuinnimh núicléach leordhóthanacha agus slána a chinntiú.
I measc eagraíochtaí eile tá comhlachtaí a bunaíodh mar chuid de chláir an Aontais agus comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha idir an Coimisiún Eorpach agus lucht tionscail.