Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Logo of European Union Intellectual Property Office (EUIPO)

Forbhreathnú

  • Ról: Is í EUIPO a bhainistíonn cearta Trádmhairc agus Dearaidh an Aontais Eorpaigh, an Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla agus Bunachar na Saothar Dílleachta.
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: António Campinos
  • Bliain a bunaithe: 1994
  • Líon na mball foirne: 775
  • Suíomh: Alicante na Spáinne
  • Suíomh gréasáin: EUIPO 

Is í Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpach (EUIPO) a riarann cearta Trádmhairc agus Dearaidh an Aontais Eorpaigh, cearta atá infheidhme ar fud an Aontais. Comhlánaíonn na cearta sin na cearta maoine intleachtúla (MI) náisiúnta, ar cearta iad atá nasctha le córas maoine intleachtúla idirnáisiúnta. Ó 2012 i leith, tá cúram ar EUIPO as an bhFaireachlann Eorpach  um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla agus as Bunachar na Saothar Dílleachta.

A ndéanann sé

Ar an meán, breis is 150,000 iarratas maidir le trádmharcanna  agus breis is 90,000 iarratas maidir le dearadh  a fhaigheann an Oifig gach bliain. Leis na comharghníomhaíochtaí a eagraíonn an Líonra Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, spreagann an Oifig oifigí maoine intleachtúla na mBallstát lena gcleachtais a chur i gcomhréir le chéile. Chuige sin, baintear úsáid as uirlisí maoine intleachtúla is furasta a úsáid.

Trí leas a bhaint as an bhFaireachlann, tugann an Oifig gréasán fairsing geallsealbhóirí le chéile d'fhonn a n-aird a tharraingt – le staidéir, le tionscadail, agus le huirlisí – ar shaincheisteanna a bhaineann le sárú ar chearta maoine intleachtúla. Is í EUIPO freisin a riarann Bunachar na Saothar Dílleachta; tugann sí rochtain dhigiteach ar fhaisnéis phoiblí faoi shaothair liteartha, chineamatagrafacha agus chlosamhairc, faoi phictiúir agus faoi ghrianghraif.

Iad sin a bhaineann leas as

Tá cearta maoine intleachtúla riachtanach don ghníomhaíocht agus don bhorradh eacnamaíoch. Is fiúntach an luach a thugann na cearta sin dá n-úinéirí agus don gheilleagar i gcoitinne. Tá sé d'aidhm ag EUIPO go mbeadh a cuid seirbhísí inrochtana agus so-úsáide chun sineirgí a chruthú lena cuid comhpháirtithe agus geallsealbhóirí laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach, mar atá:

  • úsáideoirí na gcóras clárúcháin MI, go háirithe gnólachtaí beaga agus meánmhéide
  • Oifigí maoine intleachtúla de chuid an Aontais Eorpaigh agus oifigí maoine intleachtúla eile
  • comhlachais úsáideoirí
  • comhlachtaí idirnáisiúnta eile a bhíonn ag plé le réimse na Maoine Intleachtúla.

Féach freisin

Seirbhísí ar líne EUIPO – uirlisí le haghaidh maoine intleachtúil 

Cúrsaí ar líne 

Nuachtlitreacha 

Imeachtaí agus foilseacháin 

Poist 

Teagmháil

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Ainm
Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Suíomh gréasáin
https://www.euipo.europa.eu/en
Seoladh ríomhphoist
informationateuipo [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+34 96 513 91 00
Seoladh poist
Avenida de Europa 4, 03008 Alicante Alicante, An Spáinn
Na meáin shóisialta