- Glaoigh orainn ar 00 800 6 7 8 9 10 11
- Úsáid roghanna teileafóin eile
- Scríobh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála
- Buail linn in oifig áitiúil de chuid an Aontais
Is gníomhaireacht de chuid an Aontais í an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) a bhíonn ag obair chun comhionannas inscne a bhaint amach laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de. Chuige sin, cuireann an institiúid taighde, sonraí agus moltaí maidir le dea-chleachtas ar fáil trí:
I measc na seirbhísí a chuireann EIGE ar fáil, tá:
Stiúrthóireacht amháin agus 3 aonad atá in EIGE:
Tá bord bainistíochta ag EIGE, agus is é an bord sin a stiúrann obair na hinstitiúide agus a chinneann ar a cláir oibre agus a buiséad. Tá 18 gcomhalta ar an mbord bainistíochta, a fheidhmíonn ar bhonn sealaíochta, agus bíonn ionadaí amháin ón gCoimisiún Eorpach air.
Faigheann EIGE comhairle agus tacaíocht freisin ón bhFóram Saineolaithe atá aige, fóram ina bhfuil comhaltaí ó na Ballstáit, an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta, an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa.
De réir plean straitéiseach ar a dtugtar 'an Doiciméad Clársceidealaithe Aonair' a dhéantar obair na hinstitiúide. Tá clár oibre bliantúil agus buiséad mar chuid den doiciméad sin.
Bíonn EIGE ag obair i ndlúthchomhar lena chuid páirtithe leasmhara ar leibhéil éagsúla. Bíonn sé i dteagmháil go rialta leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil an taighde atá ar siúl aige ina chuidiú le beartais an Aontais a neartú. Bíonn sé ag obair go dlúth leis na Ballstáit freisin agus tugann sé ionchur spriocdhírithe dóibh atá curtha in oiriúint do na riachtanais atá acu.
Tugann an Institiúid tacaíocht ar leith don tír ag a bhfuil Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh nuair a bhíonn comhionannas inscne ar chlár oibre na hUachtaránachta. Is féidir le hUachtaránachtaí an Aontais iarraidh ar EIGE freisin staidéar a dhéanamh ar cheann de na réimsí a thagann faoi Chlár Oibre Bhéising don Ghníomhaíocht.
Tugann eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, lucht acadúil, comhpháirtithe sóisialta agus saineolaithe ar chomhionannas inscne cuairteanna go rialta ar EIGE freisin. Bíonn ról tábhachtach acu sin go léir ó thaobh deimhin a dhéanamh de go riarann obair EIGE ar riachtanais an phobail agus go bhfuil cur amach maith ag an bpobal ar an obair sin.
Seo chuid den mhéid a bhíonn idir lámha ag EIGE ina fheidhm mar lárionad eolais Eorpach ar chomhionannas inscne:
Gedimino pr. 16
LT-01103 Vilnius
Lietuva