A ndéanann sé
- An Córas Eorpach um Fhaireachas (TESSy) a úsáid le sonraí as Ballstáit an Aontais Eorpaigh a anailísiú agus a léamh maidir le 52 ghalar ionfhabhtaíocha.
- Comhairle eolaíoch a chur ar fáil do rialtais agus d'institiúidí an Aontais Eorpaigh.
- A chinntiú go mbraitear bagairtí go luath agus anailís a dhéanamh ar na bagairtí atá ag teacht chun cinn san Aontas.
- An Clár Eorpach um Oiliúint san Eipidéimeolaíocht Idirghabhála (EPIET) agus an Clár Eorpach um Oiliúint sa Mhicribhitheolaíocht don tSláinte Phoiblí (EUPHEM) a chomhordú.
- Cabhrú le rialtais na mBallstát ullmhú do ráigeanna galar.
- ESCAIDE, an Chomhdháil Eolaíoch Eorpach maidir leis an Eipidéimeolaíocht Fheidhmeach i nGalair Ionfhabhtaíocha, comhdháil bhliantúil trí lá, a eagrú.
Struchtúr
Is é atá in ECDC:
Tá 5 aonad i struchtúr na heagraíochta:
- Oifig an Phríomheolaí
- Tacaíocht Faireachais agus Freagartha
- Acmhainní agus Cumarsáid sa tSláinte Phoiblí
- Bainistiú agus Comhordú Acmhainní
- Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide
An chaoi a bhfeidhmíonn sé
Cuireann ECDC sonraí i dtaobh faireachais agus comhairle eolaíoch ar fáil maidir leis na 52 ghalar ionfhabhtaíocha is gá fógra a thabhairt ina leith, ráigeanna de na galair sin agus bagairtí uathu don tsláinte phoiblí san áireamh. Tá saineolas ag foireann ECDC féin, ach faightear eolas agus saineolas freisin ó líonraí Eorpacha galar agus ó chomhlachtaí náisiúnta sláinte poiblí.
Tá 3 chóras thábhachtacha ag ECDC. Baineann gach córas ar leith le réimse éagsúil den rialú galar:
- EWRS (rabhaidh i dtaobh galair a bhraitear)
- EPIS (faisnéis eipidéimeach)
- TESSy (faireachas galar).
Oibríonn an Lárionad go dlúth le gníomhaireachtaí eile Eorpacha agus le heagraíochtaí nach bhfuil san Aontas, m.sh.:
Iad sin a bhaineann leas as
- lucht sláinte poiblí san Eoraip, go háirithe
- comhlachtaí sláinte poiblí náisiúnta agus fo-náisiúnta san Aontas/LEE
- institiúidí an Aontais Eorpaigh
- daoine eile a cheapann beartais san Eoraip
- gairmithe sláinte poiblí, taighdeoirí, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus údaráis náisiúnta lasmuigh den Eoraip.