Is ar an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA) atá an cúram sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil a chinntiú san aeriompar san Eoraip.
A ndéanann sé
Ar chúraimí EASA tá:
- rialúcháin agus deimhniú a chomhchuibhiú
- margadh aonair eitlíochta an Aontais a fhorbairt
- rialacha teicniúla eitlíochta a dhréachtú
- aerárthaí agus comhpháirteanna a dheimhniú de réir cineáil
- comhlachtaí a fhaomhadh a dhearann, a mhonaraíonn agus a chothabhálann táirgí aerloingseoireachta
- maoirseacht sábháilteachta a chur ar fáil do thíortha den Aontas (e.g. maidir le hoibríochtaí air, bainistiú aerthráchta)
- caighdeáin sábháilteachta idir Eorpach agus domhanda a chur chun cinn
- oibriú le geallsealbhóirí idirnáisiúnta chun an tsábháilteacht a fheabhsú san Eoraip (e.g liosta aershábháilteachta an Aontais – liosta de na hoibreoirí a bhfuil cosc orthu).
Struchtúr
Tá 5 Ard-Stiúrthóireacht in EASA:
- An Ard-Stiúrthóireacht Feidhmiúcháin – ina bhfuil an príomhinnealtóir, an roinn chumarsáide agus chailíochta agus an roinn dlí
- An straitéis agus bainistíocht sábháilteacha – éirim agus feidhmíocht sábháilteachta, an straitéis agus cláir, comhar idirnáisiúnta
- Deimhniú – treoracha deimhniúcháin, bailíochtaithe agus aeracmhainneachta le haghaidh aerárthaí, an chomhshaoil, comhpháirteanna agus fearas, maoirseacht sábháilteachta ar chomhlactaí deartha aerloingseoireachta
- Ard-Stiúrthóireacht na gcaighdeán eitlíochta – caighdeánú (maoirseacht náisiúnta) agus déanamh rialacha maidir le cothabháil, aeroibríochtaí, foireann an eitleáin agus leigheas, seirbhísí bainistithe aerthráchta/loingseoireacht, aeradróim
- Ard-Stiúrthóireach na n-acmhainní agus na tacaíochta – maoiniú agus soláthar, acmhainní daonna, ríomhaireacht, seirbhísí iarrthóirí, seirbhísí corparáideacha
Iad sin a bhaineann leas as
Pobal na heiltíochta sibhialta san Eoraip agus lasmuigh di:
- Údaráis Eorpacha eitlíochta sibhialta
- aeroibreoirí agus aer línte
- Monaróirí/dearthóirí Eorpacha aerárthaí agus comhpháirteanna
- comhlachtaí cothabhála
- píolótaí tráchtála agus príobháideacha
- eagraíochtaí oiliúna faofa
- ionaid aerleighis
- rialtóirí aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta
- aerfoirt
Aerárthaí agus táirgí aerloingseoireachta atá cumhdaithe:
- scairdeitleáin mhóra agus mheánmhéide
- aerárthaí turbascairde
- aerárthaí éadroma
- aerárthaí sciathán rothlach (héileacaptair, gíreitleáin)
- aerárthaí éadroma spóirt (balúin, faoileoirí, aerlonga, ladrainn shibhialta)
- innill, liáin, ionsamhlóirí eitiltí
- roinnt aerárthaí míleata (e.g. an t-aeriompróir A400M)